Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 11, 2021

Is Masla atá sa Mholadh Deontais Shuarach do Shocrúcháin d’Altraí Faoi Oiliúnt

Bhí frustrachas agus díomá ar ionadaithe mac léinn ón gCumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann nuair a thug an moladh deontais gealltanas €100 sa tseachtain dóibh.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Fad agus atá ospidéil na hÉireann ag teipeadh faoin mbrú dochreidte agus borradh i líon na gcásanna coróinvíris, thuairiscigh an nuachtán seo ar mholadh ina bhfaigheadh altraí agus cnáimhsigh faoi oiliúnt deontas de €100 dá n-am ar shocrúchán.

Ba cheart go ndearna an moladh deontais seo cúiteamh, agus chun tabhairt le fios d’altraí agus cnáimhsigh faoi oiliúnt go bhfuil meas tuillte acu tar éis gur vótáil an rialtas i gcoinne rúin i Mí na Nollag a thabharfadh íocaíocht thacaíochta do shocrúcháin (gan trácht ar easpa láithreachta an Aire Sláinte Stephen Donnelly ag an díospóireacht ar an rún).

Ní raibh an méid a moladh, áfach, thar moladh beirte. Bhí frustrachas agus díomá ar ionadaithe mac léinn ón gCumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann nuair a thug an moladh deontais gealltanas €100 sa tseachtain dóibh.

ADVERTISEMENT

Chun é seo a chur i gcomhthéacs, bheadh an deontas socrúcháin cothrom le tuairim agus €2.56 an uair do 39 uair oibre sa tseachtain.

Is áiféiseach an rud é a bheith ag súil go mairfeadh altraí agus cnáimhsigh faoi oiliúnt ar an méid suarach seo, gan trácht go bhfuilimid i lár paindéime. Thairis sin, cuireann neamh-cháilitheacht roinnt altraí faoi oiliúnt don Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime leis an bhfrustrachas.

Cúpla lá níos déanaí, thuairiscigh an Irish Times go raibh pá an rúnaí sa Roinn Sláinte chun méadú faoi €90,000 go €292,000. Chun an scéil a dhéanamh níos measa, tá ospidéil phríobháideacha ag baint tairbhe as beartais bhrábúsacha leis an Roinn Sláinte fad agus a dhéanann siad iarracht toilleadh sna hospidéil a mhéadú agus líon na gcásanna coróinvíris ag dul in airde.

I Mí na Nollag, lorg an Bord Eagarthóireachta seo íocaíocht cheart d’altraí agus cnáimhsigh faoi oiliúnt. Scríobhamar go bhfuil altraí agus cnáimhsigh faoi oiliúnt ag obair, agus ní mór go n-íocfar iad. Is fiú an ráiteas seo a rá arís.