Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 6, 2021

Ní Féidir le hInbhunaitheacht a Bheith ina Giotán Cainte d’Iarrathóirí Propaist

Bhí iarrathóirí propaist i mbun díospóireachta ag toghchánaíocht d’athrú aeráide an tseachtain seo caite.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ag painéal don Seachtain Glas stiúrtha ag iar-uachtarán Dr Mary Robinson an tseachtain seo, cuireadh ceisteanna ar iarrathóirí propaist maidir lena gcuid pleananna chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus inbhunaitheacht ar champas.

Tháinig na hiarrathóirí ullamh chun a bhfíseanna uallmhianacha, ach doiléire ó am go chéile, a leagadh amach chun Coláiste níos glaise. San fhís bhí an inbhunaitheacht curtha i lár na Tríonóide, ó thaoibh dul chun cinn tecineolaíochta agus eolaíochta, ach freisin ag lár na curaicilme agus aistear acadúil na mac léinn tríd le linn an Choláiste.

Cinnte, tá sé dóchasach, go bhfuil an triúr iarrathóir ullamh chun na pleananna a leagadh amach, agus níl aon dabht ann go raibh an painéal ard-profíle tiomanta plé a dhéanamh ar an topaic. É sin ráite, d’eascair an painéal ar an Déardaoin roinnt mhaith ceisteanna freisin.

ADVERTISEMENT

Cé chomh dosháraithe agus atá na pleananna seo, agus cé chomh díograiseach agus atá an triúr iarrathóir ó thaobh na pleananna a chur i bhfeidhm. Toisc gur reáchtáileadh an painéal mar chuid den Sheachtain Ghlas, tá sé éasca a bheith ciniciúil maidir le cé chomh macánta agus a raibh an plé i ndáiríre– agus an bhfuil an inbhunaitheacht i ndairíre ag lár na feachtais propaist seo mar a mhaígh na hiarrathóirí le linn na díospóireachta? Go dtí seo, níl an inbhunaitheacht tar éis a bheith mar ghné lárnach d’aon toghchánaíocht sa rás i gcomparáid le riarachán agus airgeadas.

Tá eolaithe ag tuar go mbeidh campas na Tríonóide faoi uisce faoi 2050 má árdaíonn leibhéal na mara ag an ráta reatha– ní leor comharthaíocht suáilce a thuilleadh. Caithfear dul i ngleic leis an inbhunaitheacht, ní hamháin mar ghiotán cainte, ionas go mbíonn dlisteanacht éigin ag na pointí eile i bhforógraí gach feachtas.

Tá dualgas ag an Tríonóid ceannasaíocht a ghlacadh sa phlé ar an ngéarchéim athrú aeráide agus a bheith ina heiseamláir don athrú. Fad agus go raibh deis áirithe agus tráthúil ag iarrathóirí propaist an choláiste, Hogan, Ohlmeyer agus Doyle, a bpleannana a leagan amach chun deileáil le práinneacht na géarchéime– is 2021 atá ann, ní chóir go mbeidh Seachtain Ghlas ag teastáil chun go mbeidh airde shuntasach ag na díospóireachtaí seo.