Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 15, 2021

Roghanna CAO: Córas Achrannach Atá de Shíor Ag Athrú

D’ardaigh líon na n-iarratas le haghaidh roghanna céad áite CAO don Tríonóid faoi 38 faoin gcéad i mbliana.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Is cosúil go mbeidh an Coláiste sásta le nuacht na seachtaine seo gur ardaigh líon na roghanna céad áite don Tríonóid tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoi 38 faoin gcéad.

Is ábhar dóchais atá ann nach bhfuil an éileamh nua seo teoranta do dhámh faoi leith. I nDámh na hEalaíne, Daonnachta, is Eolaíocht Shóisialta, mar shampla, d’ardaigh líon na roghanna céad áite do chúrsaí staire faoi 90 faoin gcéad. Is difríocht mhór í seo i gcomparáid leis an mblian seo caite, nuair a roghnaigh iarrathóirí cúrsaí le pointí níos airde cosúil leis an bhfiaclóireacht, an dlí agus an fhisiteiripe.

Tá na hathruithe seo agus an tuairimíocht a thagann leo ina gcomhartha go bhfuil an córas CAO an-mhíshocair. In 2018, mar shampla, luadh easpa cinnteachta maidir le táillí agus Breatimeacht mar chúis don laghdú sna hiarratais d’ollscoileanna Éireannacha uilig. Anuraidh, maíodh go raibh an cóiriú teilifíse de Normal People a scríobh Sally Rooney mar an gcúis gur ardaigh líon na n-iarratas chun na Tríonóide (cé gur magadh a bhí ann den chuid is mó).

ADVERTISEMENT

Mar aon le hardú líon na n-iarratas le haghaidh roghanna céad áite, d’ardaigh líon na bpointí CAO don Tríonóid go pras. Is cosúil go bhfuil mic léinn níos muiníní maidir lena marcanna mar gheall ar na socruithe nua ardteiste.

Óna thosaigh an phaindéim choróinvíris tiontaíodh an córas ardteiste bunoscionn, leis an an gcóras grádanna ríofa anuraidh agus i mbliana leis an gcur chuige hibrideach idir grádanna ríofa agus páipéir scríofa

Tá sé seo ar fad, i dtaca le cnuasach de na pointí CAO atá de dhíth do chúrsaí Tríonóide, mar fhianaise de chóras dothuartha. Más an t-aon rud a thógfar ó seo ná go méadaíonn agus laghdaíonn an éileamh do chúrsaí faoi leith, tosaítear ag smaoineamh an bhfuil sé mar mhéadracht éifeachtach ar chor a bith? Pé scéal é, tá fáilte roimh an t-ardú i líon na n-iarratas le haghaidh roghanna céad áite don Tríonóid, beag beann ar na cúiseanna a tharla sé.