Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 10, 2021

Tá an t-Athstruchtúrú Rialachais atá Beartaithe ag an Rialtas Róthobann

Tá rún ag an t-Aire Ardoideachais Simon Harris na leasuithe athstruchtúraithe rialachais do choláistí a thógáil os comhair na comhaireachta ag deireadh na míosa.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An Samhain seo caite, dúirt an t-Aire Ardoideachais Simon Harris nach bhfuil an reachtaíocht reatha i leith rialachais ardoideachais “maith go leor agus nach léiríonn sé an domhain ina mairimid”– ach tá an réiteach a mhol sé, áfach, ag lorg i bhfad an iomarca cumhachta agus is bagairt atá ann don Tríonóid mar a thuigimid é.

D’ainneoin go ndúirt Harris go dtabharfaidh an reachtaíocht bheartaithe nua, ina athreofaí rialachas ollscoile go mór, “meas do neamhspleáchas na n-institiúdí tríú-leibhéal” agus go n-úsáidfear é den chuid is mó chun “tacaíochta agus cúnaimh a thabhairt d’institiúdí dá mbeadh aon fhadhbanna rialachais ann”, is léir nach mar sin atá– sáraíonn an reachtaíocht cumas na n-ollscoileanna iad féin a riailiú.

An tseachtain seo, foilsíodh litir oscailte sa nuachtán seo, a shínigh 59 Comhalta Tríonóide, Comhaltaí emeritus, baill foirne acadúla nach gcomhaltaí iad, baill foirne tacaíochta agus Coiste na Scoláirí, ina d’ionsaíodar an t-athstruchtúrú rialachais beartaithe d’ollscoileanna. Dúirt siad go bhfuil an t-athstructúrú “an scriosach do neamhspleáchas ollscoileanna agus go ndéanann sé neamhaird ar an méid mór taighde a léiríonn go n-éiríonn níos fearr le hollscoileanna neamhspleácha sna SAM, an Ríocht Aontaithe agus an Eoraip go seasta i dtaobh taighde, teagasc agus seirbhís don phobal ginearálta”.

ADVERTISEMENT

Is léir go bhfuil neart frithbheartaíochta ann i gcoinne na leasuithe fairsinge. Ach, d’ainneoin go raibh próiséas comhairliúcháin deifreach mar chuid den chur le chéile don reachtaíocht bheartaithe, is cosúil nach raibh aiseolas líon mór d’acadóirí agus foireann ollscoile curtha san áireamh, nó nach gcuireadh ceist orthu ar an gcéad dul síos. Ní dóigh mar sin, go sásóidh an reachtaíocht bheartaithe a rachaidh go dtí an chomhaireacht ag deireadh na míosa seo lucht na Tríonóide.

Cén fáth go bhfuil an rialtas ag déanamh leasuithe móra i lár paindéime, ach go háirithe le heaspa comhairliúcháin leo siúd a mbeidh thíos leis?

Bíonn cinntí déanta ag na leibhéil is airde den Tríonóid lochtach go minic, ach ar a laghad is grúpa daoine atá eolas domhain– agus cion– acu do bhun agus barr cúrsaí an Choláiste, a dhéanann iad. D’fhéadfadh go mbeadh ceapacháin rialtais ag déanamh cinntí– gan eolas ceart ar an Tríonóid agus a nithe aisteacha– tubaisteach don ollscoil agus go n-athródh sé an institiúid go hiomlán.