Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 10, 2021

Tá Clárú le Vótáil i dToghchán TCDSU Ríthábhachtach do Thodhchaí an Aontais

Críochnóidh clárú chun vótála Dé Máirt ag 6in, agus osclófar an vótáil an oíche sin.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní bheidh toghcháin Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) i mbliana cosúil le haon toghchán eile. Ní hamháin go bhfuil na feachtais ar fad teoranta d’ardáin na meán sóisialta ar líne, ach beidh an vótáil á reáchtáil ar líne amháin freisin.

Leis na hiarrthóirí ar fad ag spreagadh na mac léinn chun clárú le vótáil, ní raibh sé riamh níos tábhachtaí dul amach (ar líne) i dtoghchán TCDSU na bliana seo. Beidh an vótáil ar líne níos coitianta sa todhchaí agus má dhéantar cinnte anois go mbeidh an líon daoine a vótálfaidh chomh hard agus is féidir, cruthófar nós maith do thoghcháin amach anseo.

Tá sé léirithe ag líon na mac léinn a bhreathnaíonn ar na sruthanna beo den toghchánaíocht ar leathanach Facebook TCDSU go bhfuil fonn ar mhic léinn éisteacht le cad atá le rá ag iarrthóirí agus iad ag druidim leis an vótáil a osclaíonn ag 8in Dé Máirt. Tugann na huimhreacha féachana seo íomha dhóchasach de thoghchán ina dtiocfaidh méadú ar an líon vótála chomh maith le spéis sna rásaí.

ADVERTISEMENT

Tá clárú le vótáil thar a bheith tábhachtach do gach mac léinn. Tá sé riachtanach go mbeidh cead cainte ag gach mac léinn sna cinntí faoi cén seisear a mbeidh na poist acu, poist atá an oiread sin tionchair acu ar threo an aontais agus ar eispéireas na mac léinn.

Athraíonn an cumas vótála ó d’fhón nó ríomhaire glúine sna toghcháin atá le teacht gach rud. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sé níos éasca ná riamh chun vótáil chomh fada agus atá nasc idirlín agat.

Tugann vóta níos mó údarás níos fearr d’iarrthóir agus níos mó measa sa Choláiste. Tiocfaidh oifigeach sabóideach ó áit atá fíor-thionchar aici más féidir leo a rá gur tháinig mic léinn amach agus gur vótáil siad ar a son.

Níl mic léinn céad bhliana ach tar éis freastal ar ollscoil Zoom a chiallaíonn go bhfuil an teagmháil fisiciúil leis an aontas níos ísle ná riamh. Ar mhaithe le cinntiú nach dtéann na mic léinn seo i dtimthriall neamhshuime, is gá cohórt na céad bhliana go háirithe a spreagadh chun dul ar líne agus vótáil.

Dúnann an clárú le vótáil i dtoghcháin TCDSU na bliana seo Dé Máirt ag 6in, mar sin dóibh siúd nár chláraigh, tá an t-am ag dul in éag. Tá sé easca le clárú agus is bealach inláimhsithe é chun ionadaíocht mac léinn a fheabhsú agus na seansanna go bhfaighidh gach duine againn oideachas níos fearr a fheabhasú.