Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 25, 2021

Is féidir le Coláistí na hÉireann Breathnú go Sasana do Threoir – nó Rabhaidh

Chuaigh Ollscoilenna Sasanacha ar ais go teagasc aghaidh go haghaidh an tseachtain seo.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, thuairiscigh The University Times na céimeanna athoscailte tógtha ag ollscoileanna Sasanacha agus iad ag ullmhú do théarma an tsamhraidh. Do go leor mic léinn agus baill foirne, beidh an téarma samhraidh mar an gcéad uair go mbeidh siad ag filleadh ar champais ar fud Sasana le beagnach 15 mí anuas.

Shólathródh athoscailt ollscoileanna Sasanacha léargas tábhachtach faoi chonas a mbeadh eárnáil triú léibhéal na hÉireann in ann oibriú i Mí Meán Fomhair, agus ba cheart do gheallsealbhóirí Éireannacha breathnú ar na forbairtí seo go géar.

Le linn na bpleananna, tá liodán céimeanna, a spreagadh go forleathan san Ardoideachas ó thús na paindéime, ar nós tástáil fhairsing agus mic léinn a spreagadh chun a gcuid teagmhálaithe sóisialta a lagdú. Ceann de na na piléir lárnacha de na pleaneanna ath-oscailte ó Mhí Mheán Fómhair seo caite, ná foghlaim hibrideach, atá fós ar na cártaí, le hachainí ar ollscoileanna chun “meascán ceart d’fhoghlaim ar líne agus aghaidh go haghaidh do gach ábhar”.

ADVERTISEMENT

Níl na treoirlínte faoi ag caitheamh do mhasc chomh dian sin, le neart béime curtha ar scaradh sóisialta agus aeráil shásúil. Níl raibh an bhéim ar aeráil mar thús cadhnaíochta sna comhairle sláinte poiblí in Éirinn, agus d’fheadfádh go mbeadh sé suimúil do gheallsealbhóirí Éireannacha chun a súile a choimeád air.

Nochtaidh na treoirlínte ón rialtas go raibh méid áirithe solúbthachta d’instidúidí triú-léibhéal i Sasana, ag tabhairt uathriail iomlán do choláistí cinntí á dhéanamh faoi cén fhoirgnimh le hoscailt. Tá saoirse ag na hollscoileanna chun na ráigeanna a smachtú, gan aon rialacha ginearálta i bhfeidhm. In ionad sin, iarradh orthu idirchaidreamh a dhéanamh le na stiúrthóirí sláinte poiblí ina n-údarás áitiúla.

Tá, dar ndóigh, dífríochtaí idir an dá tír agus tagann athoscailt Shasana le cúpla fainic: ní bheidh an méid céanna mic léinn ar campais le linn míonna an tsamhraidh, agus tá an buntáiste ag an mBreatain le rátaí vacsaínithe níos airde ná in Éirinn.

Ach níl aon dearbhú go mbeidh athoscalit choláistí i Sasana gan fadhbanna, agus má bhíonn líon ard cásanna i gceist i measc baill foirne nó mic léinn na n-ollscoilenna, ní mór do choláistí na hÉireann thabhairt faoi deara cad a oibríonn agus nach n-oibríonn.

Tá an tAire Ardoideachais, Simon Harris, tar éis fógra a ghealladh an mhí seo chugainn, faoi na treoirlínte d’ollscoileanna don bhliain seo chugainn. Má tá neart leis, beidh athoscailt ollscoileanna i Sasana mar threoirphlean maith – ach má théann rudaí mícheart dár gcomharsana, bheadh ollscoileanna na hÉireann amaideach chun na botúin chéanna a dhéanamh.