Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 9, 2021

Cén Fáth Atá Cead ag Uninest Lóistín Mhac Léinn a Chur ar Chíos le Turasóirí?

An tseachtain seo, ceadaíodh iarratas Uninest chun 571 seomraí mhic linn a aistriú go lóistín do thurasóirí.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Is ceist achrannach í ceist lóistín na mac léinn cheana féin – mar sin, cén fáth ar ghlac Comhairle Cathrach BÁC le hiarratas Uninest chun lóistín do thurasóirí a dhéanamh de 517 seomraí mhac linn sa bhliain acadúil atá le teacht?

Thuigfeá an réasúnú a bhí taobh thiar d’iarratas Uninest. Tá an neamhchinnteacht faoi theagasc pearsanta ag dul i bhfeidhm ar líon na mac léinn a bhfuil lóistín ag teastáil uathu. Ó thaobh na loighce de, áfach, má tá Uninest agus Comhairle Cathrach BÁC ag dréim le turasóirí ar an bhliain seo chugainn, beidh mic léinn ag filleadh chomh maith.

Ní hé seo an chéad uair ar tugadh cead do Uninest a thithíocht saintógtha do mhic léinn a athrú – anuraidh, rinneadh lóistín gearrthéarmach agus lóistín do thurasóirí de 1,600 seomra mac léinn.

ADVERTISEMENT

Is cosúil go raibh comhlachtaí lóistín mac léinn ag conneáil leathshúil ar a gcuid feidhmeanna a athrú le tamall anuas. Dhiúltaigh Comhairle Cathrach BÁC cead do Host, soláthraí lóistín eile, suíomhanna comhchónaithe a dhéanamh de bheagnach 600 leapacha mac léinn i Sráidbhaile an Iosta, ar eagla go gcruthódh seo fasach a spreagfadh soláthraithe eile a gcuid feidhmeanna a athrú chomh maith.

Tá Baile Átha Cliath thar mhaoil le hóstáin cheana – ní hé go bhfuil easpa roghanna ag turasóirí ar chor ar bith. Ach toisc go gceadaíonn rialacháin zónála cónaithe d’árasáin mac léinn agus d’óstáin ar leith a bheith san aicme dlí tithíochta, tá bac curtha ar úsáid na n-áiteanna sin le haghaidh tithe cónaithe ar féidir iad a chur ar cíos do mhic léinn agus do ghnáthchíosaithe eile.

Meastar, áfach, gur fearr don chathair lútáil a dhéanamh ar thurasóirí agus ar dhaoine gnó saibhre trí árasáin ríchompordacha a chur ar fáil dóibh ar mhaithe le brabús a dhéanamh. Is leor sracfhéachaint ar an gconspóid maidir le raftú bánuisce agus dúnadh cultúrlanna chun tuiscint go bhfuil Cathair Bhaile Átha Cliath ró-dhírithe ar chuma slachtmhar idirnáisiúnta ar chur ar an gcathair.

Bíonn conspóid ag baint le cúrsaí cónaithe na mac léinn i gcónaí. Is rud amháin é na mílte árasáin do mhic léinn a thógáil agus a chur ar fáil ar chíos ríchostasach, ach is rud níos measa ar fad é cead a thabhairt d’úinéirí na n-árasán sin iad a chur ar chíos do dhream eile ar fad.