Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 27, 2021

Tá Gnáthfhadhb na n-Amchlár Imithe i nDonas mar Gheall ar Fhilleadh ar Campas

Bhí easpa soléireachta an tseachtainn seo chaite faoi amchláir.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bíonn fearg ar na mic léinn gach bliain mar gheall ar an achar beag idir cur amach amchláir ag an gColáiste agus filleadh ar léachtaí. Anois agus athoscailt mall na sochaí agus na gcoláistí ar siúl, tá an fhadhb tar éis éirí i bhfad níos measa.

Léiríonn an easpa soiléireachta maidir leis an bhfilleadh ar campas nach bhfuil cumas cumarsáide éifeachtach ag an gColáiste.

Thairis sin, léiríonn fógraí de chuid Roinn na Staire agus Scoil na Fisice nach filleadh cothrom ar campas a bheas ann agus an bhliain acadúil nua ag tosú i mí Mheáin Fómhair.

ADVERTISEMENT

Cuireann an easpa cumarsáide dírí maidir le hamchláir agus léachtaí aghaidh le haghaidh teipeanna na bliana seo caite i gcuimhne dúinn. Ghealladh léachtaí aghaidh le haghaidh do na mic léinn anuraidh, ach níor chuaigh an chuid is mó de na mic léinn ar campas fiú uair amháin.

Cinnte, tá sé deacair pleananna a chur in áirithe agus cúrsaí sláinte poiblí ag athrú chuile lá. Ach ba cheart na roghanna seo a bheith déanta an mhí seo caite seachas anois.

Tá líon mór roghanna fágtha ag na scoileanna mar chuid de ghealltanas Doyle neamhspleáchas níos leithne a thabhairt do na scoileanna. Ach tháinig mearbhall mór as seo nuair a d‘fhógair Scoil na Fisice go raibh sí chun fáil réidh le scaradh sóisialta roimh deireadh na Seachtaine Léitheoireachta.

Móide sin, chur an Coláiste an milleán ar Lárchoiste na gCumann drochnuacht maidir le saol na mac léinn a fhógairt. D’ainneoin moltaí an CSC, tá cosc iomlán ar imeachtaí taobh istigh faoi láthair. Ach ní luíonn an scéal seo go maith orainn agus amharclanna athoscailte – fiú le scaradh sóisialta – agus tar éis do 40,000 duine teacht le chéile ag Páirc an Chrócaigh le déanaí.

Anois agus an paindéim tar éis bheith ar siúl le bliain go leith, tá rud amháin soiléir: is gá cúpla pleananna ar leith a bheith ann ar eagla go n-athróidh na srianta. Níor chur an Tríonóid a cuid pleananna maidir le filleadh ar campas i gcomhthéacsanna difriúla ar fáil. Mar sin, bhí mic léinn agus cumainn araon fágtha ar lár agus iad ag ullmhú don bhliain acadúil seo.

Bliain tar éis an athoscailte teipthe, tá an easpa eolas ceannann céanna tar éis mic léinn agus cumainn a fhágáil gan phleananna gan slí ar aghaidh.