Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 27, 2021

Tá sé Míchuí €14k sa bhliain a Iarraidh ó Mhic Léinn agus óna dTeaghlaigh

De réir thuarascáil TU Dublin, meastar gur tháinig méadú níos mó ná €1,000 ar chostas bliantúil na gcoláistí in Éirinn le dhá bliana anuas

Leis an mBord Eagarthóireachta

Glactar leis go forleathan go bhfuil sé costasach dul ar an gcoláiste in Éirinn.

Tá costais chíosa, bhia, agus taistil do mhic léinn ag dul in airde agus níl aon chuma ar an scéal go bhfuil an dul i méid seo le hathrú, mar a léirítear sa tuarascáil ó TU Dublin an tseachtain seo.

Cé gur cuid mhór den chostas maireachtála i mBaile Átha Cliath í ranníocaíocht na mac léinn – agus is minic a luaitear í mar shampla den ardú as cuimse atá ag teacht ar chostas an ardoideachais – is cúis imní í, áfach, an costas atá ar ghach rud eile.

ADVERTISEMENT

Luann aontais na mac léinn go minic cúrsaí lóistín mar chúis imní eile, ach is léir go bhfuil costas iompair ag cur leis an ualach airgeadais atá ar mhic léinn chomh maith. Bíonn mic léinn ag taisteal go minic; níor cheart go mbeadh costas ticéad traenach ag cur imní orthu.

Deimhníonn an miondealú seo go bhfuil costas an choláiste ag éirí as smacht. Níl an córas deontais SUSI in ann dul i ngleic leis na táillí ríchostasacha seo – ní thugann sé fiú aghaidh air. Tá go leor teaghlaigh nach bhfuil i dteideal deontas a fháil, ach a bhíonn ag streachailt íoc as na costais seo chomh maith.

Ní féidir a bheith ag súil le tuismitheoirí – gan trácht ar mhic léinn – íoc as an oideachas costasach seo.

D’admhaigh an tAire Ardoideachais Simon Harris cheana féin go bhfuil na táillí ró-ard. Ach is beag fianaise atá ar fáil go bhfuil toil ar bith ann le dul i ngleic leis an ghéarchéim. Is fadhb mhór iad na táillí, ach tá oideachais ollscoile ag éirí níos costasaí ar gach dóigh

Tá sé an-suntasach do thír ina bhfuil chéimithe oilte an-tábhachtach ar mhaithe le caipiteal agus le comhlachtaí a mhealladh, go bhfuil an rialtas ar nós cuma liom faoi na mílte mac léinn a bhíonn ag streachailt leis an saol.

Faoi láthair agus na ceannlínte plúchta leis na costais atá bainteach le filleadh ar an scoil, tá machnamh tuillte ag an chruachás airgeadais atá ag bagairt ar mhic léinn fosta. Má leanann cúrsaí ar aghaidh mar seo, imeoidh rudaí in olcas.