Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 19, 2021

Tá sé Rómhall ag an CSC gan Phlean a Bheith acu do Sheachtain na bhFreisear

Léirigh an Propast Linda Doyle go mbeidh an ‘seachtain ionduchtaithe’ atá pleanáilte do lucht na dara bliana ag feidhmiú mar ‘Seachtain na bhFreisear’ do chách, seachas do mhic léinn céad bliana.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá na “hamanna normálta” imithe i bhfad tharainn anois. Is beag na mac léinn a cheap go mbeadh cúrsaí ar ais mar a bhí roimh an bpaindéim ag tús na bliana acadúla 2021/2022.

Mar sin cén fáth, le níos lú ná mí fágtha, atá an oiread sin éiginnteachta fós ann maidir leis an chuma a bheas ar Sheachtain na bhFreisear?

Tháinig an Propast Linda Doyle aniar aduaidh ar líon mór mac léinn nuair a luaigh sí go neamhchúiseach i rith seisiún ceisteanna agus freagraí ar Instagram an tseachtain seo go mbeidh an ‘tseachtain ionduchtaithe’ do lucht na dara bliana ag feidhmiú mar Sheachtain na bhFreisear eile a bheas ar siúl. Ní raibh léiriúchán le fáil ach an oiread ag cruinniú na gcumann a bhí curtha i láthair ag Lár-Choiste na gCumann (CSC) i ndiaidh sin.

ADVERTISEMENT

Cé nach raibh mórán nirt ag an gColáiste ná ag Lár-Choiste na gCumann (CSC) air mar gheall go mbeidh torthaí na hardteistiméireachtaí le foilsiú go mall, is deacair a thuiscint cén dóigh a bhfuil dhá seachtain na bhFreisear níos fearr ná ceann amháin. Ar an gcéad dul síos, cad is fiú le Seachtain na bhFreisear gan aon mhac léinn céad bliana ann ar chor ar bith?

Taobh amuigh de na rudaí fánacha seo, áfach, is ‘plean’ – ach más aon chomhartha é an cruinniú baile a bhí ag an CSC, is beag atá ann ó thaobh plean de – anásta agus leathbhruite é seo. Is deacair go mbeidh na daoine ná an t-airgead ag na cumainn bheaga chun ócáidí a chur ar siúl i rith dhá sheachtaine seachas i rith seachtaine amháin. Is mór an dochair é seo go háirithe ar chumainn eolaíochta agus leighis; beidh amchlár a gcuid ball ag cur isteach go mór orthu nuair atá idir Sheachtain na bhFreisear agus a gcuid ranganna ar siúl.

Chuaigh an CSC i dtuilleamaí ar an leithscéal nach bhfuil siad ábalta rud ar bith a dheimhniú go dtí go bhfaigheann an Coláiste treoirlínte ón rialtas maidir leis na himeachtaí a bheas ceadaithe i Mí Mhéan Fómhair, ach tá sé ródhéanach a bheith gan aon phlean teagmhais anois. Ní raibh cáil ar an aonach a bhí ar líne anuraidh, ach an bhfuil mic léinn i ndáiríre ag iarraidh aonach gan ach duine amháin ag gach suíomh gruama, gan cead rudaí in saor aisce a thabhairt amach? An bhfuil aon dul chun cinn ann nuair nach mbeidh cead ag daoine clárú go pearsanta ach oiread?

An uair seo anuraidh, mhol an Bord Eagarthóireachta seo an CSC as a chur chuige réamhghníomhach maidir le saol na gcumann. Ach dealraíonn an rogha seo go bhfuil an coiste i bhfad níos frithghníomhaí i mbliana.

Ar an gceann is fearr de, éiríonn go han-mhaith leis na gcumann i rith Seachtain na bhFreisear, ach mura gcuirtear plean láidir i bhfeidhm gan mhoill, féadfaidh le go leor acu streachailt fiú an fód a sheasamh i mbliana.