Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 19, 2021

Tugann an Scannal Dífheistithe Buille do Mhuinín idir Mhic Léinn agus Choláiste

Cuireann an droch-iarracht dífheistiú ó bhreoslaí iontaise náire ar ollscoil a bhfuil bród uirthi féin as a hinbhuanaitheacht.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ba údar dóchais agus áthais é an cinneadh ar ghlac an Coláiste leis maidir le dífheistiú ó bhreoslaí iontaise. Ach i ndáiríre, ní dhearna sé dífheistiú fiúntach, agus is buille é seo ní hamháin i gcoinne rannpháirtíocht na mac léinn ach i gcoinne íomha na Tríonóide mar cheannródaí san inbhuanaitheacht.

Nuair a d’fhógair an Tríonóid sa bhliain 2016 go raibh sé chun dífheistiú ó bhreoslaí iontaise, níor léirigh sí céard a bhí i gceist ann ar chor ar bith. Ach bhí gach duine á moladh – rud a chur áthas ar an gColáiste – agus tugadh na mic léinn le fios nach mbeidh nasc ar bith ag an gColáiste le breoslaí iontaise. Theip go hiomlán ar an Tríonóid maidir leis an sprioc seo.

B’fhéidir nach iontas ar bith é seo. Níl smacht díreach ag an gColáiste ar na cistí ina chuireann sé a chuid airgid, agus tá deacrachtaí mar seo le hinfheistíocht inbhuanaithe feicthe taobh amuigh den Choláiste freisin.

ADVERTISEMENT

Ní chuireann comhlachtaí a dóthain eolais amach chun tuiscint an bhfuil siad inbhuanaithe nó nach bhfuil – is minic nach bhfuil na sonraí sin acu in aon chor. Agus tá na rialtais fós ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt do théarmaí ar nós “glas” agus “inbhuanaithe.”

Níl haon ionadh é nach bhfuil lucht airgeadais réidh dul i ngleic leis an athrú aeráide in aon chor, ach is drochshuntas dúinn gur ghlac an Tríonóid an chreidiúint ar fad do rud – cibé taobh a bhreathnaítear air – nár rinne sí. Tá sé níos measa fós toisc go raibh an bua seo, mar dhea-chomhartha cumais chomhoibrithe idir mhic léinn agus an Tríonóid.

Is sampla soiléir snas glas atá ann – snas glas a luíonn go trom gránna orainn tar éis don IPCC tuar apacailipteach a fhógairt maidir leis an ngéarchéim aeráide.

Móide sin, cuireann sé amhras ar idirghníomhú idir mhic léinn agus an Coláiste. Is le hionracas agus le muinín a d’oibrigh na mic léinn leis an gColáiste, agus cheap an Bord Eagarthóireachta seo gur bua mór a bhí ann ar thaobh stocaireachta straitéisí de – meascán idir ghníomhaíochas an ghnáthdhuine agus clisteacht pholaitiúil.

Bhí cuma dólásach ar fhreagra Propast Linda Doyle, agus gheall sí athfhéachaint a thabhairt dó. Bíodh súil againn nach mbeidh na mic léinn fágtha ar lár arís, agus go mbeidh an Tríonóid sásta a ról mar cheannródaí i gcúrsaí inbhuanaitheachta a bhaint amach go fírinneach.