Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 28, 2021

Tá Iarmhairtí Tóg an Tríonóid Ar Ais soiléir ón Agóid in éadan Foghlaim ar Líne

Labhair an Propast go muinteartha ag an agóid – difríocht mhór óna réamhtheachtaí.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Níl mórán mic léinn fágtha sa Tríonóid a raibh ann le linn Tóg an Tríonóid Ar Ais – gluaiseacht mhór agóidí a bhris amach ar an gcampas i 2018 tar éis don Choláiste iarracht a dhéanamh ar tháillí €450 a chur ar scrúduithe forlíontacha.

Ba chomhartha iad na hagóidí sin – gabháil seilbhe ar an Proinnteach ina measc – d’easpa suntasach cairdis idir mhic léinn agus an Coláiste, agus léirigh siad gur rud baolach don Tríonóid é neamhaird a thabhairt ar mhic léinn feargacha.

Ní hionann na hagóidí in aghaidh foghlaim ar líne na seachtaine seo agus Tóg an Tríonóid Ar Ais: bhí tréithe deargfheirge ag an dara chás acu nach raibh sa chéad cheann, gan trácht ar an tacaíocht sár-ard ó mhic léinn. Ní raibh an cruinniú sa Chearnóg Tosaigh Dé Céadaoin chomh mór céanna agus bhí mothúchán an-difriúil i gceist leis.

ADVERTISEMENT

Ach tá scáth Tóg an Tríonóid Ar Ais ag na hagóidí seo, fiú gur thit an ghluaiseacht as a chéile d’éirigh lucht tar éis don Choláiste géilleadh fáil réidh le táillí do scrúduithe breise.

Ní féidir leis an Tríonóid neamhaird a dhéanamh ar mhic léinn a thuilleadh sa lá atá inniu ann. Thóg sé laethanta d’agóidí don iar-Propast Patrick Prendergast admháil go poiblí go raibh anord tagtha ar an gcampas agus athsmaoineamh a dhéanamh ar na táillí breise.

Ach ní mar sin a bhí Doyle. Chuir sí ríomhphost chuig duine amháin de lucht eagraithe na hagóide, agus tháinig sí féin agus Stiúrthóir Sheirbhís Sláinte an Choláiste David McGrath i láthair ina teannta.

Ag labhairt leis an nuachtán seo, is tiúin síochánta a bhí uirthi, ag rá gur thuig sí “ar iomlán a dtaobhsa de cad as a bhfuil daoine ag teacht agus cén fáth go bhfuil frustrachas orthu.”

Tá éagsúlacht an chuir chuige seo i bhfad níos doimhne ná difríocht idir phearsantacht Doyle agus pearsantacht Prendergast.

B’fhéidir nach bhfuil cuimhne ag fochéimithe na Tríonóide ar Tóg an Tríonóid Ar Ais’, ach is tionchar leanúnach a bhí aige ar fhreagraí na ndaoine uachtaracha an Choláiste do mhic léinn feargacha – agus is iomaí mac léinn atá feargach i láthair na huaire.

Sa bhliain 2018, dúirt Prendergast gur thacaigh‘Tóg an Tríonóid Ar Ais le “saol an choláiste a athrú go mór.” B’fhíor dó, cinnte.