Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 29, 2021

Tá an Príomhgheata Oscailte Arís, ach Ní Mór don Tríonóid a Bheith Cúramach

Níl scaradh sóisialta i bhfeidhm a thuilleadh agus tá rochtain ag an bpobal ar campas.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An Aoine seo caite, d’oscail geataí na Tríonóide don phobal faoi dheireadh tar éis bliain go leith le srianta ar rochtain ar an gcampas. Ar feadh 18 mí, bhí ar mhic léinn agus ar bhaill foirne scanadh isteach agus amach ar nós gur in aerfort a bhíodar, le gardaí slándála ag breathnú go géar orthu. Ní riabh seans ann siúl tríd an gcampas – imithe ar fad a bhí coinní caifé nó lóin déanta ar ala na huaire.

Le déanaí agus an mórchuid den tsochaí ag filleadh ar stádas níos normálta, chuaigh leithscéal na Tríonóid chun fanacht dúnta don phobal i laige.

Tá an campas mar chuid de phobal beomhar na cathrach arís de bharr an athoscailte. Fuarthas réidh le scaradh sóisialta – rud a chuirfeadh teannas idir mic léinn sáinnithe sa bhaile agus riaracháin cumasach an Choláiste le cúnamh Dé. Tar éis seachtain na léitheoireachta, seans go mbeidh a seanchuma ar an Tríonóid.

ADVERTISEMENT

Ach ní hionann athoscailt agus deireadh leis an bpaindéim sa choláiste. Tá rátaí vacsaínithe arda ag Éire, ach níl feabhas feicthe ar líon na gcásanna le míonna anuas, agus chuir príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid rabhadh amach nach féidir leis na hospidéil mórán daoine eile a láimhseáil.

Rinne an Bord Eagarthóireachta seo cáineadh ar an gColáiste de bharr a gcuid gealltanas nach gcomhlíonann sé, ag rá gur gá comhghéilleadh agus inbhreathnú a dhéanamh chun teannas idir an Coláiste agus a phobal a réiteach. Ní bua éasca a bhí ann an campas a athoscailt do mhic léinn ag tús na bliana acadúla: bhí ar Aontas Mac Léinn na Tríonóide stocaireacht a dhéanamh in aghaidh na srianta nár lig d’éinne seachas iad a bhí ag dul go dtí an leabharlann teacht ar champas.

Ach fiú anois, tá ar an gColáiste bheith cúramach. Beidh a lán mac léinn nach raibh teagmháil sóisialta acu ag dul go clubanna oíche agus tithe tábhairne anois agus iad ar oscailt arís, agus tá cead gan srian ag turasóirí dul ar siúl tríd an gcampas – an gcuirfidh sé seo le dóchúlacht ráigeanna den víreas? An mbeidh ar an Tríonóid roinnt srianta a chuir i bhfeidhm arís má théann an cás i ndonas ar leibhéal náisiúnta?

Is í an Tríonóid a bhí chun tosaigh ar dúnadh ag tús na paindéime, agus ba í an coláiste deireanach chun athoscailt. Fiú gur scéal néata atá ann, níl an phaindéim thart, isteach sa Tríonóid ná taobh amuigh di.