Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 26, 2022

Is Eiseamláir de Chomhoibriú sa Coláiste í Scoil na Fisice

D’fhógair Scoil na Fisice go bhfuil siad ar son ainm Léachtlann Schrödinger a athrú an tseachtain seo.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhuel, bhí sé sin furasta. Gan an achainí ar son ainm léachtlann Schrödinger a athrú – ó tharla gur péidifileach a bhí ann – a bheith seolta ach le roinnt seachtainí, d’aontaigh Scoil na Fisice tacaíocht a thabhairt leis an athainmniú.

Má fhaomhann an Propast Linda Doyle cinneadh na scoile, tabharfar an ‘Physics Lecture Theatre’ ar an léachtlann. Ní ainm tarraingteach é, ach is ainm ábhartha é agus, níos tábhachtaí arís, ní ainm mí-úsáideora leanaí é.

Tarraingíonn sé seo ceist shuimiúil don todhchaí: ar cheart don Choláiste stop a chur le ainmneacha daoine eile a chur ar fhoirgnimh agus léachtlanna? B’fhéidir gur fearr cloí le hainmneacha níos simplí as seo amach chun míshuaimhneas a sheachaint sa todhchaí.

ADVERTISEMENT

Ar aon nós, ba cheart do chinnteoireacht na scoile a bheith mar eiseamláir do athruithe ainmneacha a thiocfaidh amach sa todhchaí. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar an fhírinne go bhfuair an Leabharlann Berkeley a ainm ó úinéir sclábhaithe.

Tháinig muintir na scoile le chéile, rinne siad an ainm a phlé, shocraigh siad go raibh an ainm neamhfhóirsteanach agus ghníomhaigh siad air sin. Ar lámh an choláiste atá an chéad bheart eile, ach is cinnte nach mbeidh duine mór le rá na Tríonóide ábalta tacú le ainm an léachtlann a choinneáil in éadan mianta na ndaoine a bhaineann úsáid as lá i ndiaidh lae.

D’aimsigh an ríomhphost a sheol an Ceann Scoile, an tOllamh Jonathan Coleman, an guth is fearr, a rá go n-iarrfaidh an Scoil “comhairle ar léiriú fóirsteanach a dhéanamh ar thionchar na léachtaí ó thaobh na staire de agus ó thaobh na heolaíochta de, agus go háirithe, ar an dóigh chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhartha pearsanta Schrödinger agus ar stair na scoile agus an ceiliúradh a rinne Coláiste na Tríonóide ar na léachtaí agus ar an fhear é féin, athainmniú an léachtlann i ndiaidh Schrödinger san áireamh.”

Níl an Scoil ag ceilt focail den fhírinne faoi cheann de na pearsa is cáiliúla dá chuid. Tá sé ag déileáil leo agus ag déanamh athscrúdú ar an chiall atá leis na cinntí scanrúla seo i 2022.

Ba cheart go mbeidh an fonn comhghleacaíochta, an fhiosracht, agus an díospóireacht a tháinig roimh chinneadh na Scoile mar eiseamláir do na ranna eile sa Choláiste atá ag smaoineamh ar athscrúdú a dhéanamh ar stair s’acu agus ar stair a gcuid céimithe.