Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 18, 2022

Meabhrú Scanrúil ar Fhuath in Éirinn do Mhná atá i nDúnmharú Ashling Murphy

Níl an tír ag caoineadh bás Ashling Murphy amháin, ach ag caoineadh an seachmall go raibh Éire slán riamh do na mná.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ceithre lá ó shin, bhí bean 23 bliana d’aois dúnmharaithe agus ise ag rith i dTulach Mhór. Chuir bás Ashling Murphy an tír trína chéile le brón agus le huafás. Rinneadh faire ar fud fad na tíre agus na mílte daoine ag caoineadh Murphy ar nós a n-iníon, a ndeirfiúr, nó a gcara féin.

Ceapann a lán daoine gur tír slán í Éirinn. Léirigh an tseachtain seo go bhfuil an smaoineamh seo bunaithe ar an mbun go nglactar leis gur cheart do na mná a saoil féin a athrú chun foréigin na bhfear a sheachaint.

Agus a lán ban ag breith greim ar a heochracha ina méara nó, mar a mholtar anois, ag iompar sprae gruaige mar chosaint, is minic a cheapann siad go bhfuil ró-bhuairt orthu. Ach tá dúnmharú Ashling tar éis an eagla mhór seo a dheimhniú: go bhfuil gá leis na gníomhuithe seo, agus nach leor iad i gcónaí. Ach ná déanaimis dearmad ar ainm an chosáin ar a dtarla sé: Bealach Fiona – ainmnithe ar bhean eile a chuaigh ar iarraidh sa bhliain 1996. Níos giorra dár mbaile, bhí sá marfach tugtha do bhean taobh amuigh den áit chónaithe Binary Hub dhá bhliain ó shin.

ADVERTISEMENT

Deir cuid de lucht labhartha faoin tarlú gur bhris sé an tuairim gur tír slán í Éire. Ach do na mná, ní raibh an dearcadh sin ann riamh.

Tá stair fada ag córas ceartais choiriúil na hÉireann ag ligean síos na mban. Tá mílte glaonna ó íobartaigh foréigean teaghlaigh curtha ar ceal, is léir nach bhfuil pionós láidir go leor – ná bannaí ard go leor – curtha ar fir a dhéanann ionsuithe. Móide sin, tá cath dlí crua in aghaidh na mban a chuireann tuairiscí éignithe isteach – cath nach bhfuil seans maith aici le buachan de réir na staitisticí.

Ní fios cé hé an marfóir seo agus seans go bhfuil sé fós inár measc, agus mar sin tá sé deacair a thuiscint cé chaoi a ndeachaigh duine chomh fada as an gceart chun a leithéid sin d’uafás in aghaidh mná a dhéanamh.

Má tá an t-ádh ort gan taithí a bheith agat le fuath ar mhná, is cinnte go bhfeiceann tú é. Bíonn radharc roinnt fear gur bhfuil cearta acu thar na mná sofheicthe sa chaoi a labhraítear, a fheictear, agus a léirítear dímheas ar na mná.

Tá ar gach fear seasamh suas agus labhairt amach nuair atá bean i mbaol. Ach an rud is tábhachtaí ná nár cheart dóibh raibh an baol sin a chruthú. Ba cheart go mbeadh sé mar thoradh ar an tragóid seo dóchas a spreagadh i measc na mban, seachas cuir lena n-eagla – eagla a bhí ró-ard cheana féin.