Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 16, 2022

Ba Cheart do UCDSU Filleadh ar USI. Ach Beidh ar USI Troid le hIad a Choinneáil

Seans go vótálfaidh UCDSU i bhfabhar filleadh ar USI i mbliana, tar éis beagnach deich mbliana ó vótáil siad chun imeacht as.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tar éis tuairim agus deich mbliana i ndiaidh d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) a fhágáil, chuir Aontas na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCDSU) fáilte roimh vóta a chaitheamh chun filleadh ar an Aontas. Bheadh sé ina leas don AMLÉ má fhilleann an t-aontas mac léinn is mó sa tír ar an ngluaiseacht náisiúnta.

Is cinnte go gcuirfeadh sé go mór le cumhacht stocaireachta agus le seasamh USI dá bhfaigheadh sé 32,000 baill nua thar oíche, ach ardaíonn an díospóireacht faoin bhféidearthacht go bhfillfidh UCDSU ar an USI an cheist, cén fáth ar imigh siad ar an gcéad dul síos? Cinnte, is cnámh spairne í an táille €5 in aghaidh na bliana, ach má tá UCDSU chun díospóireacht a dhéanamh faoi na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann le bheith mar bhall de AMLÉ, ní mór dó machnamh níos doimhne a dhéanamh ná cúrsaí airgid. Déantar cáineadh go minic ar an aontas náisiúnta as bheith ró-dhírithe ar Baile Átha Cliath – agus ní dócha go dtiocfaidh athrú ar seo má ghlacann 32,000 mic léinn breise atá bunaithe i mBaile Átha Cliath ballraíocht san USI .

In ainneoin a chuid lochtanna ar fad, ar deireadh thiar thall, is rud maith é do mhic léinn a bheith mar bhall de USI. Cé go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach n-éisteann an lucht atá i gceannas leis an aontas, tá caidreamh oibre go fóill ag oifigigh feidhmiúcháin USI leis an Aire Ardoideachas agus a leithéid. Seo rud nach féidir le UCDSU a bhaint amach leis féin.

ADVERTISEMENT

Tá roinnt luachanna roinnte ag USI agus UCDSU – mar shampla, an agóid uileghabhálach atá a reáchtáil ag UCDSU Dé Luain, tá siad ag éileamh go dtabharfaí aghaidh ar na cíosanna arda agus cosaint do sheirbhísí tacaíochta do mhic léinn i measc rudaí eile. Labhair USI amach ar na fadhbanna seo ar fad.

B’fhearr do UCDSU vótáil ar son a áit a fháil ar ais. Agus má dhéanann sé é seo, ní mór do USI amharc go géar ar féin agus an cheist a chur air féin, cén fáth a bhfágfadh aontas ar an gcéad dul síos – faoi dhó – agus an dóigh gur féidir leis a chinntiú go bhfanann UCDSU go deo an uair seo má thagann sé ar ais.

Is léir go bhfuil mic léinn UCD idir dhá chomhairle faoi USI, ach tá an seans acu anois an chuma a bheadh ar aontas atá ag feidhmiú go maith a phlé, agus cad é go díreach atá á gcoinneáil ó ghluaiseacht náisiúnta na mac léinn. Ba cheart dóibh filleadh ar ais ar USI, ach beidh air USI an iarracht a dhéanamh iad a choinneáil ann.