Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 9, 2022

Ba Cheart Leanúint ar Aghaidh leis an Ardteist, Ach tá Géarghá le Leasuithe Uirthi

Beidh an leagan traidisiúnta den ardteist ann i mbliana agus an gnáthchruth uirthi, gan aon rogha tugtha do ghráid ríofa.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Cultúr Éireannach ar leith atá ag an ardteist. Bíonn iontas an tsaoil ar chuairteoirí eachtrannacha de thairbhe na dúspéise a bhíonn ann gach bliain faoi cé acu filí a mbíonn a saothar le plé sa dara scrúdú Béarla nó an mionchomhrá a bhíonn ann go leitheadach ar cé a fuair ocht H1.

Chuir an fógra go mbeadh an leagan traidisiúnta den ardteist ag teacht ar ais i mbliana, in áit bhliana eile de thorthaí tuartha in éineacht le scrúduithe scríofa, díomá ar chuid mhór daltaí sa séú bliain agus ar pholaiteoirí de chuid an fhreasúra. Is beag duine a ghlac leis an réasúnaíocht a thug an tAire Oideachais, Norma Foley, nach mbeadh sé cothrom modh measúnaithe difriúil a chur i bhfeidhm ar dhuine as gach ceathrar dalta a bhí mar chuid den ghrúpa ar chuireadh Teastas Sóisearach a bhí acu ar ceal agus mar thoradh air sin nach bhfuil gráid ar bith acu chun torthaí tuartha don ardteist a bhunú.

In ainneoin a cuid lochtanna, scrúdú caighdeánaithe atá san ardteist agus sin an argóint is láidre atá ann ar a son. D’fhéadfaí a rá gurb í an imní faoi chaimiléireacht an bac is mó atá ann leis an gcóras a leasú ó bhonn – is ar éigean gur féidir cogar a chur i gcluas daoine áirithe le fabhraíocht a fháil ó do lucht aitheantais – tréith nach mbíonn ann i gcás cuid mhór institiúidí Éireannacha. Ach is fíor go bhfuil daltaí saibhre ábalta marcanna níos airde a fháil má íocann siad ar theagasc príobháideach nó má fhreastalaíonn siad ar scoil táillí, áfach.

ADVERTISEMENT

Ní bheadh sé cruinn a mhaíomh go mbeidh an ardteist mar a thuigimid í chun teacht ar ais: beidh roghanna breise tugtha do daltaí chun cúiteamh a dhéanamh don am a chailleadh i rith na dianghlasála. B’fhéidir gur ceart é sin a choinneáil amach anseo. Ach fadhb léir eile ná an méid atá le foghlaim de ghlanmheabhair ag na mic léinn. Tá sé léir freisin go bhfuil an-strus ag baint le húsáid scrúdú trí uaire do dhá bhliain d’fhoghlaim a scrúdú, agus ba cheart do cibé leasuithe a bheidh ann dul i ngleic leis sin.

Caithfear bheith cinnte nach rachaidh léasú na hardteiste salach ar chaighdeán an phróisis. Nuair a tugadh isteach na gráid ríofa bhí imní ar dhaoine, agus ábhar acu, go mbeadh múinteoirí faoi bhrú ag tuismitheoirí dhaltaí na scoileanna príobháideacha a bhí ag dréim le toradh a fháil ar a n-infheistíocht.

Braitheann an ardteist ar thacaíocht ón bpobal. Muna bhfuil muinín ag daoine go ndéanfar an measúnú céanna ar gach uile dhalta, cuirfidh sé isteach ar fheidhmiúlacht an chórais.