Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 31, 2022

Is Dímheas do Bhaill an GSU tacaíocht a Thabhairt d’Fheachtas Seanaid Scanlon

Cháin dhá mhac léinn dochtúireachta atá ag rith i gcomhar suíochán sa Seanad as GSU as a uachtarán a mholadh gan labhairt lena mbaill.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ba cheart go mbeadh bhí le moladh an GSU d’fheachtais Seanaid – ach léiríonn an rogha a uachtarán féin a mholadh gan labhairt le baill an aontais dímheas ar radharc agus ar aontú lucht an GSU.

Thug an GSU tacaíocht oifigiúil dá uachtarán féin, Gisèle Scanlon, agus ise i mbun toghchánaíochta d’oifig poiblí – gan labhairt lena baill féin in aon chor.

Bheadh a leithéid de chinneadh cáinte ó mic léinn idir iarchéime agus fhochéime, tráth dá raibh. Ach ní tada anois é agus sruth mór scannail de chuid an GSU tar éis tarlú i rith na bliana seo caite.

ADVERTISEMENT

Ach fós féin is fiú breathnú ar an gcás seo. Dá mbeadh lucht an GSU ag iarraidh tacú le iarrthóir atá ar a son, níorbh í Scanlon an t-aon rogha atá acu – tá go leor iarrthóirí ina mac léinn iarchéime ag an Tríonóid agus taobh amuigh di. Tá roinnt acu tar éis tacaíocht a léiriú go mhic léinn PhD.

Cinnte, ní gá go mbeadh an GSU ag moladh ball dá chuid féin. B’fhéidir go mbeadh iarchéimithe de chuid na Tríonóide ar-dírithe ar chúrsaí timpeallachta agus ag iarraidh tacú le duine ón gComhaontas Glas. Nó Seanadóir a bheadh dírithe ar cearta na ndaoine faoi mhíchumas, cosúil le Tom Clonan. Ach an brí atá leis seo uilig ná: cé nach stopann bunreacht an GSU iad ó iarrthóirí a mholadh, tá air seasamh ar son na n-iarchéimithe uilig, seachas ar son a cheannairí amháin.

Thairis sin, níor iarr éinne ar an GSU go hoifigiúil iarrthóir a mholadh – is cinnte nár tháinig sé sin as pobal na n-iarchéimithe.

Ach ag an am céanna, is beag an iarchéimí atá sásta dul in éadan an neamh-dhaonlathais seo. Tá beagnach bliain imithe tharainn ón CGB sin agus tá an cáineadh – a bhí láidir ar dtús, imithe ar laghad. Tá an Postgraduate Workers’ Alliance – a bhí go mór mór in aghaidh an GSU – gan tada a dhéanamh fiú.

Ní cheapann lucht cáinte an GSU go bhfuil an cás seo insábháilte. Is aontas gan aontú é an GSU – ní bhíonn a cheannairí ag dul i muinín a mball féin sula ndéanann siad cinntí. Ach tá suíochán ag an GSU ar Bhord an Choláiste agus roinnt comhairlí eile – chun na hiarchéimithe uilig a ionadú.

Ba cheart go mbeadh brí agus tionchar le moladh ón GSU. Go bhfuil grúpa daoine a bhfuil an-oideachas acu tar éis teacht le chéile le tacaíocht a léiriú do dhuine i gcomhar suíocháin sa Seanad.

Ní dócha do mbeidh ceannairí an GSU chun dul ar ais ar an moladh a thugadh do Scanlon. Ach níl ann sa mholadh sin ach moladh cheannairí an aontais, seachas moladh ó na hiarchéimithe ar fad.