Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 11, 2022

Caithfidh Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide a Bheith Cúramach ar Fhadhb na hIondaíochta Iarchéime

An tseachtain seo caite, níor freagraíodh a lán ceisteanna tar éis dhá chruinniú halla an bhaile a reáchtáladh chun plé a dhéanamh ar thodhchaí iondaíocht iarchéime sa choláiste.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo caite, chuir mic léinn iarchéime a n-imní in iúl maidir leis an todhchaí dá n-iondaíocht i gColáiste na Tríonóide thar thréimhse dhá chruinniú halla an bhaile. Bhí an crinniú seo i gceannas ag uachtarán Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide Gabi Fullam agus Oifigeach Oideachais Zöe Cummins.

Bhí deis ag mic léinn iarchéime sna hallaí baile a n-ábhar ghearáin a chur in iúl tar éis an cinneadh a rinne Bord an Choláiste an teideal a bhaint ó Aontas na Mac Léinn Iarchéime mar príomhchomhlact iondaíoch do mhic léinn iarchéime. Tharla sé seo mar gheall ar go leor fadhbanna sistéamacha.

I mí Iúl 2021, tugadh rabhadh d’Aontas na Mac Léinn Iarchéime le bagairt reo maoinithe. Tá sé seo tar éis Cruinniú Ginearálta Urghnách nuair nach raibh an Coiste Caipitíochta in ann chun teacht ar aon conclúidí faoi na himeachtaí cruinnithe mar gheall ar easpa rannpháirtíochta ó uachtarán Aontas na Mac Léinn Iarchéime agus leasuachtarán.

ADVERTISEMENT

Le titim Aontas na Mac Léinn Iarchéime, níl aon comhlacht iondaíoch do mhic léinn iarchéime ag an gcoláiste agus mar sin, tá go leor ceisteanna gan freagra agus tá grúpaí éagsúla ag smaoineamh faoi cé a líonfaidh an bhearna. Is smaoineamh é an smaoineamh a chuireann Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide ar aghaidh faoi cheann tamaillín bunaithe ar thoghcháin ionadaí ranga, ach ní mór coicís a chur san áireamh mar bhunreachtúil agus mar sin, tógfaidh sé roinnt ama na toghcáin seo a fháil faoi lán seoil.

Faoi láthair, tá ar a laghad ocht bhfochoiste déag ann agus tá siad gan iondaíocht iarchéime, An Coiste Staidéir Iarchéime agus an Bord Coláiste san áireamh. Cuireann reachtanna an choláiste in iúl go gcaithfidh iondaíocht iarchéime a bheith ar choiste an choláiste go leor agus mar gheall ar sin, tá an fhadhb seo ag éirí an-phráinneach.

Tá go leor grúpaí iarchéime éagsúla sa Choláiste na Tríonóide, mar shampla mic léinn ag déanamh céim mháistreacha (máistreacht mhúinte agus máistreacht trí thaighde) agus mic léinn ag déanamh Dochtúir le Fealsúnach (PhD) agus tá riachtanais éagsúla ag gach grúpa. Tá sé ríthábhachtach go sásaítear riachtanais gach grúpa.

Áfach, ní mór cothromaíocht a aimsiú idir fadhb na hiondaíochta a dheisiú go luath agus an gá atá le toghcháin a reáchtáil ar bhealach daonlathach chun na fadhbanna a bhí ag Aontas na Mac Léinn Iarchéime roimhe seo a sheachaint.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcaithfidh Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide a bheith cúramach a chinntiú nach dtarlóidh na fadhbanna céanna a raibh ba chúis leis an titim d’Aontas na Mac Léinn Iarchéime arís agus go gcloistear tuairimí na mac léinn iarchéime.