Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 5, 2022

Ní Théann an Buiséad Nua Fada go Leor do Mhic Léinn Tríú Leibhéal

Buiséad an Rialtas 2023 ar an seachtú lá is fiche de mhí Mheán Fomhair.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Níl fadhb nua í an fhadhb atá ag baint leis an gcostas an ardoideachais ag dul i méid agus is sean-nuacht é an freagra marbhánta ar na ceisteanna seo. Faraor, ní dhéanann an buiséad 2023 aon rud dul thar an fasach neamhuaillmhianach seo.

Sa bhuséad nua don bhliain 2023, tá a lán bearta aonuaire cosúil le laghdú míle euro ar tháillí coláiste agus íocaíocht amach dúbáilte aon uaire SUSI. Tá sé seo chun aitheantas a thabhairt don ghéarchéim costas maireachtála do mhic léinn. Ach, do náisiún a dhéileáil le costas maireachtála agus géarchéim tithíochta fadthréimhse a thagann roimh boilsciù, tá an súiche sa bhrachán anois.

Cháin an bord eagarthóireachta seo roimhe seo gníomhíocht an rialtais a bhfuil moill an t-am ar fad ar an tuairisc Cassells. Léiríonn an tuairisc seo trí mhodh chun saincheisteanna maoinithe a admháil. Léiríonn an buiséad seo an t-easnamh céanna maidir le toil pholaitiúil – ar ndóigh beidh beag cabhrach ar fáil sna bearta aonuaire ach ní dhéanfaidh siad faic chun na fadhbanna fadtéarmach atá os comhair mic léinn a dheisiú.

ADVERTISEMENT

Le déanaí, fuarthas amach go bhfuil méadú ar rátaí na mac léinn atá ag cur siar a ndátaí tosaithe de bhliain ar fud na tíre, agus ceann de na fáthanna leis sin a dhéanamh ná mar gheall ar lóistín róchostasach. Sa Choláiste na Tríonóide, tá méadú fiche faoin gcéad tagtha ar an méid mac léinn atá á chur siar, le deich faoin gcéead de na mic léinn seo ag rá gurb é an fáth leis sin ná lóistín. Tá na táillí is airde san Aontas Eorpach ag Éirinn agus roimh boilsciú, tá an costas lóistín an choláiste níos airde ná costas tithíocht phríobháideach. Cé go bhfuil bearta faoisimh sealadacha ceart go leor, níl aon rud sa bhuiséad ar aon chéim leis na dúshláin sin.

Cén úsáid atá ag baint le laghdú táillí do mhic léinn nach bhfuil in ann aon tithíocht a fháil i mBaile Átha Cliath? Nó íocaíocht aonuaire do mhic léinn a bhfuil deachrachtaí airgeadais acu ar theip orthu an t-am ar fad mar gheall ar an gcóras SUSI. Is léir go bhfeiceann an rialtas an ghéarchéim ardoideachais, ach mar atá le fadhbanna eile, níl a ghníomhartha incurtha le na saincheistenna.

In ainneoin go raibh a lán daoine ag súil le freagra leamh ón rialtas, tá cur chuige an rialtais i leith fadhbanna tríú leibhéal lag agus píosa ar phíosa. Má tá an rialtas dáiríre faoi ghéarchéim chostais mhaireachtála na mac léinn a dheisiú, tá gá le breathnú níos fearr ar mhaoiniú agus lóistín tríú leibhéal.