Comment & Analysis
Sep 14, 2025

‘AI’ agus an Ghaeilge – Níos mó Trioblóide ná Tairbhe?

Is ábhar imní é tionchar na teicneolaíochta ceannródaíoch seo ar an nGaeilge.

Gerard LoscherEagarthóir Nuachta Gaeilge
blank

Tá a fhios ag madraí na sráide faoin intleacht shaorga (‘AI’) faoin am seo. Táthair ag caint sa nuacht le déanaí faoin intleacht shaorga agus an Ghaeilge – agus do Ghaeilgóirí agus do mhúinteoirí, is í an cheist anois: an féidir le hintleacht shaorga cabhrú le daoine an Ghaeilge a fhoghlaim, nó an gcruthóidh sé níos mó trioblóide ná tairbhe?

 

An Poitéinseal atá ag Intleacht Shaorga chun cabhrú le Foghlaimeoirí Gaeilge

ADVERTISEMENT

D’ardaigh RTÉ an cheist seo le déanaí in alt, ‘Could AI help you learn Gaeilge?’. Léirítear san alt an poitéinseal atá ag intleacht shaorga chun cabhrú le foghlaimeoirí Gaeilge amach anseo trí mhúinteoirí fíorúla, seirbhísí aistriúcháin agus seiceálaí litrithe, agus ardáin dhigiteacha ina bhféadfaí tumoideachas a bhaint amach go héasca. Ar an drochuair, tá teicneolaíocht intleacht shaorga don Ghaeilge fós i bhfad ó bheith foirfe mar gheall ar easpa sonraí oiliúna sa teanga. Tá samhlacha intleacht shaorga ag brath ar mhéideanna móra téacs le bheith cruinn agus úsáideach, agus ó tharla gurb í an Bhéarla atá i réim ar an idirlíon agus go bhfuil níos lú ná 0.1% de shuímh ghréasáin i nGaeilge, níl i ndóthain ábhair ar fáil chun intleacht shaorga a chur ag feidhmiú go sásúil sa teanga.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil bagairt ann go bhféadfadh le húsáid intleacht shaorga chun Gaeilge a fhoghlaim eolas mícheart a thabhairt, agus go mbeadh sé níos mó ina bhac ná ina chúnamh do fhoghlaimeoirí.
Anuas ar sin, ó tharla go bhfuil easpa sonraí oiliúna as Gaeilge ar fáil, tá easpa saibhreas teanga, frásaíochta agus eolais ar sheanfhocail ag an intleacht shaorga.

 

Údarás na Gaeltachta ag iarraidh intleacht shaorga a fhorbairt don Ghaeilge

Tá an ghníomhaireacht stáit, Údarás na Gaeltachta, ag iarraidh cumas na dteicneolaíochtaí intleacht shaorga a fhorbairt chun cumarsáid a dhéanamh as Gaeilge. Tá an t-údarás, atá freagrach as forbairt cheantair Ghaeltachta na tíre, ag earcú comhairleoirí chun treoir a chur ar fáil don fhoireann forbartha intleacht shaorga agus chun tacaíocht a thabhairt do phlé le cuideachtaí intleacht shaorga ceannródaíocha maidir le forbairt seirbhísí Gaeilge. Is é a phríomhchuspóir ná cumas labhartha-go-labhartha a chruthú sa Ghaeilge do uirlisí intleacht shaorga giniúnacha ar nós ChatGPT, rud a ligfeadh do dhaoine labhairt le hintleacht shaorga as Gaeilge agus freagra a fháil sa teanga chéanna.
Gan dabht, chuirfeadh seo go mór le húsáid laethúil na Gaeilge, go háirithe do dhaoine nach bhfuil cairde ná gaolta acu a labhraíonn í. D’fhéadfadh le Gaeilgeoir fíorúil deis níos éasca a thabhairt do dhaoine an teanga a chleachtadh agus a chur i bhfeidhm sa saol laethúil.

 

Imní faoi intleacht shaorga i gcomórtais Oireachtas na Gaeilge

Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil eagras Oireachtas na Gaeilge, a reáchtálann comórtas litríochta bliantúil a bhfuil cáil air, buailte le buairt faoi úsáid acmhainní intleacht shaorga. Bunaíodh Oireachtas na Gaeilge i 1897 agus tá sé ag cur chun cinn agus ag ceiliúradh na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain ó shin. Tá comórtais litríochta na hócáide, lena n-áirítear próis agus filíocht, mar bhunús tábhachtach den iarracht seo. Bhuaigh scríbhneoirí cáiliúla, ar nós Máirtín Ó Cadhain ón Spidéal, an comórtas san am a chuaigh thart. Mhínigh Máirtín Ó Catháin go raibh a n-intleacht uathúil agus a smaointe féin acu agus ní raibh aon rud seasta ó uirlis mheaisín idirghníomhach orthu.
Is é sin ceann de na príomh-imní faoi intleacht shaorga agus an Ghaeilge. D’fhéadfadh teicneolaíochtaí intleacht shaorga dochar a dhéanamh do thrádisiún liteartha na Gaeilge, a bhfuil sé mar bhunús cultúrtha don teanga. Má úsáidtear intleacht shaorga go forleathan, tá eagla ann go gcaillfear an éagsúlacht agus an cruthaitheacht a rinne na scríbhneoirí Gaeilge chomh tábhachtach sin. D’fhéadfadh leis dearmad a dhéanamh ar na friotalacha réigiúnacha agus ar na canúintí difrúil chomh maith, rud a bhfeadfaí teanga nua, níos shimplí, agus comhionann a cruthú. Mar shampla, má éiríonn le plean Údarás na Gaeltachta teicneolaíocht labhartha-go-labhartha a fhorbairt as Gaeilge, agus má théann sé i bhfeidhm ach ar aon chanúint amháin, d’fhéadfadh leis leagan simplí den teanga a mhúineadh do fhoghlaimeoirí.

 

Bagairt intleacht shaorga ar theangacha mionlaigh?

De réir alt a scríobh Ceri Williams agus Lina Dencik do TUC Cymru, léiríonn taighde ar an dóigh a bhféadfadh le hintleacht shaorga bagairt a dhéanamh ar chaomhnú teangacha mionlaigh trí thacaíocht a thabhairt do teangacha sármhóra (‘super languages’), agus Béarla go háirithe, ar scála domhanda, go bhfuil contúirt ann do chainteoirí teangacha mionlaigh ó thaobh imeallaithe agus eisiaimh de, le gluaiseacht intleacht shaorga ag teacht isteach sa tionscal agus san ionad oibre.

Mar a phléamar roimhe seo, is é an príomh-dúshlán idir teangacha mionlaigh cosúil le Gaeilge agus intleacht shaorga ná na hacmhainní agus sonraí teoranta atá ar fáil chun samhlacha intleacht shaorga a oiliúint orthu. Cé go bhféadfadh le hintleacht shaorga cosúil le ChatGPT a bheith traenáilte i dteanga seachas Béarla, tugann taighdeoirí foláireamh go ndéanann an méid ama agus saothair atá ag teastáil chun é a oiliúint é ar fad neamh-inmharthana. Léirigh meastacháin reatha go n-éiríonn níos measa le ChatGPT i ngach tasc i dteangacha nach Béarla iad. Mar thoradh ar seo, d’fhéadfadh leis cur le Béarla a fhorbairt mar ‘theanga sármhór’. Má bhíonn uirlisí intleacht shaorga níos éasca le húsáid agus níos éifeachtaí i mBéarla, bíonn cainteoirí teangacha eile, cosúil le Gaeilge, i mbaol imeallaithe agus gan rochtain iomlán ar na buntáistí a bhaineann le teicneolaíochtaí intleacht shaorga sna háiteanna oibre domhanda. An féidir teangacha mionlaigh a chaomhnú i ndomhan digiteach atá ag leanúint go láidir ar thóir Béarla?

 

Todhchaí Intleacht Shaorga agus na Gaeilge

Cinnte, má éiríonn intleacht shaorga na Gaeilge níos forásach agus má fhorbraítear í i gceart, is féidir léi a bheith ina huirlis an-úsáideach chun cabhrú le daoine chun Gaeilge a fhoghlaim. Mar sin féin, ní mór é seo a mheas in éineacht leis an chontúirt a bhaineann léi. Tá sé ríthábhachtach go n-éireoidh leis an teanga Gaeilge dul i dtaithí ar na hamanna nua, ach ní mór dúinn caomhnú freisin a dhéanamh ar na canúintí áitiúla agus ar shaibreas na teanga. Fós féin is í an cheist: an gcruthaíonn intleacht shaorga níos mó trioblóide ná táirbhe?

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.