Tá an t-amhránaí Éireannach CMAT ar ais i lár an aonaigh lena hamhrán nua, Euro-Country, agus ní hamháin gur ceol pop é, ach cáineadh géar polaitiúil ar thírdhreach na hÉireann ó aimsir an Tíogair Cheiltigh go dtí an lá inniu.
Tosaíonn an t-amhrán féin le liricí i nGaeilge atá thart ar 40 soicind de réamhrá fileata a dhéanann tagairt do “cheann folamh” agus do “phearsantacht nua” tar éis de dhuine imeacht as do shaol pearsanta. Cruthaíonn na híomhánna seo atmaisféar uafásach, agus cuireann siad béim ar an bhfolús agus ar an athrú pearsanta a leanann tragóid agus caillteanas. Is téamaí iad seo a ritheann tríd an albam ar fad, ag tabhairt guth don bhrón agus don chuimhne atá fós beo i measc na nglún óga.
Ach nuair a seinneadh an t-amhrán don chéad uair ar BBC Radio One tráthnóna Dé Máirt, níor chualathas an chuid Gaeilge sin ar chor ar bith. Spreag sé sin amhras i measc lucht leanúna na hamhránaí agus fiú i measc na healaíontóra féin.
“Níorbh é mo chinneadh é an Ghaeilge a bhaint den chéad craoladh riamh ar an raidió,” a dúirt CMAT ar Instagram. “Nílim cinnte an botún a bhí ann nó cad a tharla, ach dúradh liom anois go gcuirfidh siad an leagan iomlán leis an nGaeilge ar an aer amárach.”
I ráiteas foilsithe níos déanaí, dúirt an BBC nach ndearna siad féin aon eagarthóireacht: “Sheinn muid an leagan radio edit a cuireadh ar fáil ag an lipéad ceoil”. Ó shin i leith, seinntear an t-amhrán iomlán lena réamhrá Gaeilge ar na haerthonnta, ach leanann an cheist ag plúchadh, cén fáth ar tugadh an leagan gan Ghaeilge don stáisiún i dtosach?
Nuair a théann an t-amhrán ar aghaidh tar éis an réamhrá Gaeilge, tugann CMAT aghaidh ar na “taibhsí” a d’fhág an Tíogar Ceilteach ina dhiaidh. Déantar tagairt shoiléir den chúlú eacnamaíochta 2008 agus do na polasaithe a bhaineann le ceannaireacht Bertie Ahern.
I ngach véarsa, braitear meascán d’fhearg agus de chuimhne phearsanta. “All the big boys, all the Berties, all the envelopes, yeah they hurt me. I was 12 when the das started killing themselves all around me…” a chanann sí, ag tagairt go lom do na tragóidí pearsanta a tháinig i ndiaidh an ghéarchéime.
D’inis CMAT gur fhág an chúlú eacnamaíochta lorg buan ar a cheantar féin. “Bhí mo dhaid ag obair i ríomhairí – ní rabhamar saibhir, ach bhíomar ceart go leor. Bhí gach duine eile ar an eastát ag obair i dtógáil nó sna siopaí, agus chaill siad a gcuid post ar fad. Bhí tréimhse ann ar feadh bliana nó bliana go leith nuair a thosaigh aithreacha mo chairde scoile ag cur lámh ina mbás féin tar éis dóibh gach rud a chailleadh.” a dúirt sí in agallamh leis an Irish Times.
Tagraíonn an ceol féin de thurais shiombalacha: ó shoilse lonracha an Ionad Siopadóireachta OMNI i Seantrabh, iarsma dearmadta de ré an Tíogair, go dtí an dorchadas mothúchánach a lean nuair a thit an geilleagar. Tá na tagairtí seo inaitheanta d’aon duine a mhair trí na blianta sin, agus bíonn siad ag bualadh corda cumhachtach le lucht éisteachta ó ghlúin níos óige atá ag maireachtáil i bhfianaise na géarchéime tithíochta agus na géarchéime saoil atá ann anois.
Ní hé seo an chéad uair a rinne CMAT cáineadh poiblí ar iar-Thaoiseach Bertie Ahern. In agallamh le Hot Press in 2023, dúirt sí go mbeadh sé mar mhisean pearsanta aici cosc a chur air an uachtaránacht a bhaint amach dá gcuirfeadh sé a ainm chun tosaigh. Tá ainm Ahern luaite go minic i measc na ndaoine a d’fhéadfadh seasamh sa toghchán uachtaránachta atá le teacht, cé nach ndearna sé aon fhógra foirmiúil go fóill.
Dá réir sin, ní hamháin gur rian ceoil é Euro-Country, ach dearbhú nach bhfuil eagla ar CMAT dul i ngleic le polaitíocht go hoscailte. Tá an t-amhrán curtha síos cheana féin mar cheann de na ráitis ealaíne is cumhachtaí a tháinig ó cheol pop na hÉireann le blianta fada anuas.
Is é atá i Euro-Country ná iarracht stair an Tíogair Cheiltigh a athinsint. Ní ó pheirspictíocht na bpolaiteoirí ná na baincéirí, ach ó pheirspictíocht na ndaoine a d’fhulaing. Le meascán de bhrón, fearg agus athléiriú cultúrtha, tá CMAT ag cur a hainm le gluaiseacht ealaíonta atá ag iarraidh na fírinne pearsanta agus shóisialta a chur chun cinn.
Agus an t-albam iomlán seolta ó dheireadh mhí Lúnasa, tá súil mhór anois ar CMAT – ní hamháin mar réalta phop idirnáisiúnta, ach mar ghuth cumhachtach i gcaint leanúnach na hÉireann faoinár stair gheilleagrach agus pholaitiúil.