Comment & Analysis
Oct 14, 2025

AI v AI-r Fryer

An fiú a bheith chomh sceitimíneach faoin logha nua i mbéal an phobail nó ar mb’fhearra dhúinn bheith amhrasach faoi?

Fachtna Mac ConghailEagarthóir Gaeilge
blank

Tá na cianta caite ag an gcine daonna sa tóir ar ghiúirléid éigin a mbeadh in ann fadbhanna móra an tsaoil a réiteach. Ní gá ach súil a chaitheamh siar ar a leithéidían segway, an peann luaidhe sin gur féidir a lubadh, nó an roth, fiú, chun teacht ar ré órga a bhí ag gach saghas rud. Cé go mbíonn ardmholadh tuilte agus tugtha d’fhorbairtínua cosúil leo seo, ní ró-fhada a mhaireann buíochas chaiteoirí na n-earraí seo. Mar shampla, ní minic a chloistear trácht ar inniúlacht an leithris, ach, go bhfóire dia orainn, nach bhfuil an t-ádh linn gur chruthaigh an t-Uasal John Harrington dúinn é? Tá a fhios agam go maith go bhfuil a ainm dearúdta ag mórán de mhuintir an domhain, ach, faraor, is é seo sean-scéal na cáile. Bíonn seal ag gach duine agus giúirléid ar an stáitse sara bhfágfar ar leataobh iad.

San aois digiteach ina maireann muid anois, ní haon ionadh é go bhfuil an stáitse seo tugtha go gléas teicneolaíoch – an intleacht shaorga (AI). Tá pléascadh ollmhór suime anois dírithe ar an teicneolaíocht seo agus tá na billiúin euro d’infheistíocht curtha ina treo le bliain nó dhó. Feictear in oifigí, in ollscoileanna, agus in iliomad láthair oibre eile go bhfuil lámh in uachtar faighte ag na leaganacha éagsúla d’intleacht shaorga mar ghiúirléid úsáideach do scoláirí agus d’oibrithe araon. É sin ráite, an bhfuil an intleacht shaorga chomh úsáideach sin? Cé go bhfuil ana-chuid comhlachtaí ag maíomh go bhfuil intleacht shaorga á úsáid acu, ní léir na buntáistí atá ag baint le húsáid an teicneolaíocht seo, dar leis an Financial Times. Táim cinnte gur féidir le hintleacht shaorga bheith ina mhór-chabhair amach anseo chun fadhbanna i ngach réimse saol a réiteach, ach go dtí go dtagann an lá cinniúnach seo chugainn, ní chreidfidh mé sa hype.

Cad é an giúirléid, mar sin, go bhfuil moladh agus buíochas na sluaite tuilte aige? Creid nó ná chreid, a léitheoir, ach tá mé ag rá libh gur an t-aerfhriochtóir atá ann. Seo logha mór na haoise seo, bronntanas tugtha domsa ó mo mháthair, ach dúinne ó Dhia. I measc na rudaí is úsáidí atá agam sa saol agus sa chistin ná an t-aerfhriochtóir. I gcistineacha na tíre, chítear an mion-oigheann seo á úsáid ag cách chun gach saghas bia a chócaráil agus ní gá ach cúpla cnaipe a bhrú chun é a dhéanamh. Is féidir muinín a bheith agat sa chóras atá anseo ag an aerfhrichtóir chun béile blasta a chur os do chomhair. Braithim go bhfuil comparáid leis an diabhal intleacht shaorga oiriúnach ag an staid seo. Tá sé tugtha le fios go bhfuil a leithéidí Chat-GPT sásta éithigh a insint seachas aineolas a admháil, rud nach ndéanfadh an t-aerfhrichtóir ariamh. An é seo an saghas gléas gur mhaith le daoine a mholadh?

ADVERTISEMENT

Tá féith an leisce ionam, gan dabht, maidir leis an gcócaireacht. Mór-ghráin mo shaol ná glanadh na gréithe, ach go háirithe. Ach, mar a deirtear sna fógraí teilifíse, tá an t-aerfhrichtóir tar éis ‘anáil nua na beatha’ a thabhairt dom. Ní gá potaí, pannaí, nó trealamh amaideach cistine eile nuair atá an t-aerfhriochtóir agat. Caith isteach do ghreim feoil agus meascán glasraí, agus anlann draíochtúil. Leis sin agus le buíochas ón Dia digiteach, beidh dinnéar gan sarú ullmhaithe agat. Ní féidir leis an intleacht shaorga dinnéar a ullmhú, cé gur gléas an-ocrach ar fad atá ann, ach go háirithe don leictreachas. I 2024, d’ith Data Centres na tíre seo, a gcuireann le hintleacht shaorga, timpeall ar 22% de leictreachas na hÉireann. Cén maitheas dúinne an t-ocras dialmhar seo a mbíonn air? Bheadh leath-thuairim agam nach bhfuil an úsáid céanna ag m’aerfhrichtóir sa bhaile.

Tuigim gur féidir leis an t-intleacht shaorga bheith ina chabhair do mhórán mic léinn i mbun staidéir nó taighde, tá sé braite agamsa ina leithéid. Tá sé feicthe agam chomh maith gur féidir an teicneolaíocht seo a úsáid chun sliochtana scríbhneoireachta a chumadh d’aistí ollscoile nó rudaí cosúla. Caithfidh go bhfuil baol ann go ndéanfadh an úsáid seo damáiste do hintleacht na ndaoine sa tslí go gcothaíonn sé leisce sa chumadóireacht ionainn fhéin. Tá sé deacair an dá thrá a fhreastal le húsáid na intleachta shaora, chun cothromaíocht a fháil idir buntáistí agus droch-thionchair na teicneolaíochta seo orainn. Níl míbhuntáistí cosúla ag mo mhuirnín, m’aerfhrichtóir, mar nach ndéanann sé iarracht gach cúraim a thógaint ó lámha an duine. Seachas sin, tá sé ina chabhair don droch-chócaire, ach níl sé mar fhreagra dom ar an gcócaireacht. Maidir le hintleacht shaorga, mar sin, ar mhaith linn ár n-intleacht uathúil fhéin a mhalartú le hintleacht bréagach shaorga?

Cuimhnigh ar na giúirléidí iontacha, aite, agus cabhracha agat sa saol – iallacha do bhróig, do ghiotár, nó an t-aerfhrichtóir. Tá stair an chine daonna fite fuaite le nuálaíocht agus cumadóireacht rudaí éagsúla. Braithim go bhfuil an cine daonna ag braith ar dhraíocht faoi leith chun teacht suas le ana-chuid de na rudaí iontacha a gcabhraíonn lenár saoil. Tá baol ann go ngoidfear an draíocht seo uainn má scaoileann muid leis an t-intleacht shaorga an lámh in uachtar a fháil ar inniúlacht an duine. Chun é seo a sheachaint, caithfear bheith fiosrach, caithfear ard-mholadh i gcónaí a thabhairt do ghiúirléidí atá ag cabhrú linn go laethúil, agus caithfear bheith cúramach agus amhrasach faoin hype tugtha go leithéidí intleacht shaorga.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.