Bhí rás uachtaránachta na hÉireann sách cúng ó thús, ach mar gheall ar bhotún a rinne Jim Gavin na blianta ó shin, tá an rás níos cúinge fós anois.
Cheapfá, dá mbeadh botún déanta agat leis an bhféidearthacht chun do shaol agus do ghairm bheatha a scriosadh, go ndéanfá do sheacht ndícheall chun an fhadhb sin a réiteach. Bhuel, i gcás Jim Gavin, iarrthóir Uachtaráin na hÉireann 2025, an mhalairt go hiomlán atá fíor.
Ag tús an toghcháin uachtaránachta, bhí triúr iarrthóirí san áireamh: Jim Gavin ó Fianna Fáil, Heather Humphreys ó Fine Gael agus Catherine Connolly, iarrthóir neamhspleách atá molta ag Sinn Féin. Gan tamall, tháinig rún achrannach chun cinn faoi Jim Gavin, agus tharraing sé amach ón rás. Ach cad é an rún seo? Agus an bhfuil muintir na hÉireann sásta leis an easpa rogha atá ann anois?
Sean-rún atá ann, agus anois tá scannal ag bagairt ar pháirtí Fhianna Fáil. Bhí Jim Gavin ina thiarna talún, agus thart ar 16 bliana ó shin, dhiúltaigh sé airgead a íoc ar ais nuair a rinne a thiontónta, darb ainm Niall Donald, botún leis an gcíos. D’íoc Donald thart ar €3,300 breise trí thimpiste, tar éis dó an t-árasán a fhágáil. Aithníonn sé go dtiteann cuid den locht air féin, ach ní féidir a shéanadh go raibh an dualgas ar Gavin an rud ceart a dhéanamh agus an t-airgead a thabhairt ar ais.
Ach cad a rinne Gavin chun an fhadhb seo a réiteach? Chaith sé sé bhliain déag gan teagmháil shuntasach nó iarracht teagmhála ar bith. Anuas ar sin, is iriseoir é Donald le The Sunday Times agus, dar ndóigh, bhí an cumhacht aige aird na meán a chur ar an scannal seo. Ach de réir Donald, bhí sé de intinn aige an choimhlint a réiteach go príobháideach. Nuair a rinne sé teagmháil le Fianna Fáil tar éis gur fógraíodh go raibh Gavin ag rith don uachtaránacht, rinneadh neamhaird air agus bhí sé trína chéile.
I bpodchraoladh le Crime World, dúirt sé dá n-admhódh sé go raibh airgead le híoc aige, nach mbeadh fadhb ar bith ann. In ainneoin na hiarrachta, fós níor bhfuair Donal a airgead. Sheol sé ríomhphoist, chuir sé glaoch ar Gavin, agus fiú thug sé cuairt ar theach a thuismitheoirí. Tar éis glúin gan teagmhálacha nó dul chun cinn, roinn sé an scéal leis an bpobal faoi dheireadh.
Nuair a thug muintir na tíre an nuacht seo faoi deara, tháinig náire an domhain ar Gavin agus ar Fhianna Fáil chomh maith. Is mar sin a tháinig droch-chlú orthu, agus ní raibh aon rogha acu ach tarraingt amach ón toghchán. Mar thoradh ar seo, níl ach beirt iarrthóirí fágtha i rás uachtaránachta na hÉireann.
Cá seasaimid anois? Sa toghchán i 2011, bhí seachtar iarrthóirí ar an mballóid, agus i 2018 bhí cúigear, ach sa bhlian seo níl ach beirt iarrthóirí ann? Cé go mbeidh ainm Gavin fós le feiceáil ar an bpáipéar ballóide, tá a rás rite aige i dtaobh na huachtaránachta. Cinnte, tá an nuacht seo dóchasach do na beirt iarrthóirí atá fágtha, Connolly agus Humphreys, ach tá cuid mhór den tír idir dhá chomhairle, gan guth agus gan ionadaíocht.
De réir na staitisticí is déanaí ó ‘Ipsos B&A’, mothaíonn 49% de na vótóirí nach bhfuil ionadaíocht iomlán acu. Chomh maith leis sin, níl 18% de na vótóirí chun vótáil ar chor ar bith, nó tá sé réitithe chun a vóta a mhilleadh. Is agóid pholaitiúil é seo, nuair a chaitear vótaí neamhbhailí chun míshástacht maidir leis an rogha iarrthóirí a léiriú. I gcomparáid le torthaí an toghcháin in 2018, ní raibh ach 1.24% de na vótaí millté. An agóid éifeachtach é seo? Is ceist dheacair í sin, ach is léir go bhfuil míshástacht na vótóirí ag méadú ag luas lasrac.
Sa deireadh, d’íoc Gavin an €3,300, ach ní athraíonn sé sin rud ar bith. Tá an damáiste déanta, ní bheidh sé ag teacht ar ais sa rás, agus ní bheidh rogha leathan ag an bpobal.