D’fhill Enoch Burke ar an bpríosún le déanaí. Ghabh na Gardaí ar an múinteoir ó Scoil Ospidéil Mhic Liam toisc gur bhris sé ordú cúirte chun fanacht siar ón scoil. Ní hé seo an chéad uair, áfach — gabhadh air ceithre huaire cheana féin mar gur lean sé air ag deanamh treaspás arís is arís eile ar thalamh na scoile in ainneoin na n-orduithe cúirte. Tá Burke tar éis conspóid a tharraingt anuas ar féin arís gan dabht, ach cár thosaigh an scéal seo?
Cad a tharla an chéad uair?
Ba mhúinteoir staire é Enoch Burke ag Scoil Ospidéil Mhic Liam, agus in 2022 dhiúltaigh sé go láidir forainmneacha iolra a úsáid do dhalta trasinscneach. Mar gheall ar sin, tugadh an bata agus an bóthar dó agus cuireadh cosc air filleadh ar an scoil. Ach cé go raibh ordú cúirte ann chun é a choinneáil as an scoil, lean sé ar aghaidh ag dul chuige gan chead agus bhris sé an dlí. Tar éis tamall ag teacht ar scoil go mídhleathach, ghabh na Gardaí air agus chaith sé tréimhse i bPríosún Mhuinseo
Cad is cúis leis an gconspóid?
De réir Burke, tá a chearta reiligiúnacha agus bunreachtúla á sárú. Is duine an-Chríostaí é, agus creideann sé nach bhfuil ann ach dhá inscne, “fireann agus baineann”, agus gur chóir go mbeadh cead aige a chreideamh Críostaí a choinneáil. Ceapann Burke go bhfuil sé de “dhualgas” air “gach dalta a mhúineadh”, agus mar sin leanann sé leis treaspás a dhéanamh in ainneoin na srianta. Tharraing an scéal conspóid ar fud an domhain, le daoine cáiliúla ar nós Elon Musk ag dul chun na meán shóisialta chun a dtuairimí a phlé. Tá dhá thaobh den chonspóid, gan dabht, ach ní féidir a shéanadh go raibh sé ag briseadh an dlí nuair a rinne sé treaspás ar thailte na scoile, agus is rud doshéanta é an dlí.
Burke ag filleadh ar Mhuinseo
I Mí Dheireadh Fomhair, rinne sé iarracht filleadh ar ais ar Scoil Ospidéil Mhic Liam, ach anois tá sé ag filleadh ar Phríosún Mhuínseo. Dúirt an breitheamh go bhfuil easpa measa ag Burke ar na cúirteanna agus go raibh sé ag cur isteach ar an gcóras dlí mar gur chaith sé trí bliana ag tabhairt neamhaird iomláine ar na horduithe cúirte. Tá Burke tar éis 500 lá a chaitheamh sa phríosún, agus beidh an uimhir sin ag méadú lá i ndiaidh lae
Anuas air sin, tá Burke i bhfiacha thart ar €225,000 i bhfíneálacha. Gach aon uair a chuireann sé cos ar thalamh na scoile, gearrtar fíneáil €1,400 air. Tá €40,000 íoctha aige faoin staid seo, ach ní dhearna sé é d’aon ghnó. Tá sé fós ag tuilleamh tuarastal ón scoil, ach cuireadh píosa den tuarastal sin ar leataobh chun na bhfíneálacha a íoc mar gheall ar ordú cúirte.
An cás seo ag cur le héidé-eolaíocht an dheis
Is cuma le Burke faoi na costais mhóra seo, áfach. Is léir don dall nach bhfuil sé ag dul go dtí an scoil gach lá díreach ar mhaithe leis na bpáistí a mhúineadh. Is agóid pholaitiúil é seo chun a idé-eolaíocht a léiriú, agus tá sé ag dul ró-fhada.
Feiceann daoine an cás seo mar throid idir an dheis agus an chlé, ach ní mar sin atá sé. Duirt an breitheamh nach bhfuil sé faoi ghabhail mar gheall ar a thuairimí polaitiúla. Tá sé ag dul go dtí príosún mar gur bhris sé ordú cúirte agus thug sé neamhaird don dlí. Tá sé fíorthábhachtach é sin a choinneáil i gcuimhne nuair a úsáideann daoine an scéal seo chun údar a thabhairt dá gcuid tuairimí míchuibheasacha.
An bhfuil tuairimí míchuibheasacha aige? Cinnte. Dár ndóigh, tá an ceart ag gach duine a chreideamh féin a bheith acu, ach rud eile atá cinnte ná nach bhfuil an ceart ag aon duine an dlí a bhriseadh.