Comment & Analysis
Jan 22, 2026

Ag Lorg Réitiú ar Ghéarchéim Eiceolaíochta Loch nEathach

Cad is cúis leis an ngéarchéim atá i bhfeidhm le roinnt blianta ar an loch is mó in Éirinn, agus conas is féidir é a réitiú?

Ruairí GoodwinEagarthóir Imshaoil
blank
Loch nEathach

Tá sé curtha i leith ag Aire Timpeallachta rialtas Stormont Andrew Muir go bhfuil polaiteoirí ag déanamh iarracht d’aon ghnó chun an bonn a bhaint den eolaíocht agus den fhianaise faoin ngéarchéim éiceolaíochta atá i bhfeidhm ar Loch nEathach. Tháinig an ráiteas seo agus an tAire ag plé an “Plean Téarnamh do Loch nEathach”, plean oibre leagtha amach ag an rialtas le Loch nEathach a athchóiriú ón ndrochstát ina bhfuil sé faoi láthair. Luaigh sé gur baineadh amach ceithre cheann déag de na haidhmeanna gur leagadh amach sa phlean, agus go bhfuil dhá aidhm is fiche idir láimhe acu fós, as seacht gceann is tríocha san iomlán. Tá conspóid bainteach le géarchéim Loch nEathach, le grúpaí agus polaiteoirí éagsúla ag cur an locht ar chúiseanna éagsúla do dhul in olcas an loch.

Tharraing íomhánna de Loch nEathach agus é glas le halgaí droch-chlú idirnáisiúnta ar an loch ar dtús sa bhliain 2023. Is rud nádúrtha iad blásanna algacha a tharlaíonn i lochanna nuair a bhíonn aimsir te agus tiúchan ard de chothaithe san uisce, ach bhí seo ar leibhéal i bhfad níos airde ná an gnách. Bhí iarmhairtí tromchúiseacha ag seo do fhiadhúlra an locha, mar go gcuireann blásanna algae le heaspa ocsaigin san uisce agus mar go mbíonn roinnt den algaí nimheach. Cuirtear isteach ar phobail an locha chomh maith, iascairí ina measc a maireann ar an earnáil iascaireachta atá tar éis a bheith ag an loch leis na céadta bliain. Níor tháinig aon bhiseach ar an loch an bliain d’ár gcionn i 2024, leis an bhfeiniméan céanna ag tarlú le linn samhradh na bliana sin, ag méadú an damáiste d’éiceachóras agus muintir na locha.

Tá roinnt toiscí a mbíonn tionchar acu ar bhlásanna algaí. Is é an tiúchan de chothaithe an phríomh toisc. Tá sé léirithe go soiléir go bhfuil leibhéal thar a bheith ard de chothaithe in uisce an locha – deirtear gurb í ceann de na lochanna is eotrófaí ar domhain, ach tá conspóid maidir le foinse na gcothaithe seo. Is minic go gcuirtear an bhéim agus an locht ar eisileadh séarachais ó bhailte, gnólachtaí agus tithe do fadhbanna eotrofú, mar go bhfuil sé feiceálach agus soiléir, ach d’ár le taighde ar Loch nEathach, ní chúisíonn séarachas ach le timpeall 35% den chothaitheach fosfar sa loch. An foinse is mó, ag cuimsiú 62% den chothaitheach céanna, ná an talmhaíocht. Scaiptear leasúchán, atá méith le cothaithe, ar pháirceanna is feirmeacha le fás plandaí a spreagadh. Faraor, ní ionsútar an leasúchán seo ar fad agus sileann cuid dó isteach i sruthanna agus isteach i lochanna, Loch nEathach ina measc. Mar go bhfuil abhantrach ollmhór ag Loch nEathach, a cuimsíonn talamh sna dhá dlínse ar an oileán, bailíonn sé cothaithe ó fheirmeacha fud fad an cheantair máguaird. Le cuid d’abhantrach an locha i bPoblacht na hÉireann, is gá go mbeidh comhoibriú idir an dhá dlínse leis an bhfadhb a réitiú, rud nach ritheann go maith leis an nuacht a tháining an mhí seo caite gur tugadh maolú trí bliain d’Éireann ó rialacha an Aontais Eorpaigh a chuireann srian ar an líon leasúchán gur féidir a scaipeadh ar hpáirceanna. Is gá go mbeadh srianta níos géire i gceist ar thalmhaíocht ó thuaidh agus ó theas den teorainn le feabhas a bhaint amach don loch, agus is gá go dtiocfadh na hathruithe sin go luath.

ADVERTISEMENT

Toisc eile atá mar bharr ar an donas don loch ná go bhfuil speicis eachtrannacha tar éis cur isteach ar éiceachóras an locha. An phearsa is mó sa réim seo ná an diúilicín riabhach, ainmhí beag neamhfheiceálach atá iarmhairt mhór aige ar a thimpeallacht. Is saghas débhlaoscach é an diúilicín riabhach, rud a ciallaíonn go gcothaíonn sé é féin tríd an uisce a scagadh agus píosaí beaga bia a bheireann sé orthu a ithe. Síolraíonn an diúilicín go scioptha, agus sár i bhfad bíonn daonra ollmhór ann i loch nó in abhann, go háirithe mar nach bhfuil aon creachóirí nádúrtha ag an diúilicín anseo in Éireann. An iarmhairt a bhíonn ag an líon mór seo diúilicíní ag scagadh an uisce ná go mbíonn an t-uisce níos trédhearcaí, rud a cabhraíonn le fás algaí mar go mbíonn a thuilleadh solais ar fáil ón ngrian. Ónar tháinig an diúilicín riabhach go Loch nEathach timpeall 2003, tá an daonra tar éis méadú go hollmhór bliana i ndiaidh bliain, le diúilicíní anois ag clúdú cuid maith de bhonn an locha. Tá éifeacht na ndiúilicíní, chomh maith le líon na gcothaithe, tar éis na coinníollacha foirfe a chruthú do bhlásanna algaí, rud a chúisíonn le drochstát an locha anois.

Ach cad is féidir a dhéanamh ar son an locha? Tá roinnt agoidíocht tar éis a bheith reáchtáilte ar son an locha, le tórramh bréaga don loch ina measc. Tá roinnt agoideoirí agus eile tar éis cur in aghaidh úinéireacht an locha, a luíonn faoi láthair leis a 12ú Iarla Shaftesbury, a bhfuil seilbh aige ar bhun agus ithir an locha. Cuireadh feachtas le chéile ag cur brú ar an Iarla an seilbh atá aige a thabhairt suas agus a dheonadh chuig an stát, ag rá go raibh lámh aige i ndroch-bainistiú na locha. D’fhreagair an tIarla ag rá cé nach dheonadh sé an loch, go mbeadh sé sásta an loch a dhíol. Cibé duine nó foras atá seilbh acu ar an loch is gá go mbeadh bainistiú níos deise déanta air lena fhadhbanna a réitiú. Ba chóir go mbeadh tús áite ag gníomhachtaí le srian a chur ar na cothaithe atá ag sileadh isteach sa loch, bíodh siad ó thalmhaíocht, bailtí nó eile, agus ón dhá thaobh den teorainn. Ba chóir fiosrú a déanamh chomh maith ar slite chun fadhb na ndiúilicíní a réitiú, cé go mbeadh seo deacair ar achar chomh mór le Loch nEathach. Tá réitithe cruthaitheacha eile tar éis a bheith curtha chun cinn chomh maith le fadhb an alga a réitiú sa loch. Ag Comórtas na nEolaithe Óga san RDS i mbliana léiríodh tionscadal ó bheirt dhalta ó St Ciaran’s College i gContae Tír Eoghan ag fiosrú slí le bua a fháil ar algae ag baint úsáid as baictéir déanta as rís coipthe. Is deacair a shamhlú conas go gcabhraíodh seo ar scála mór, ach is maith a fheiscint go bhfuil iarrachtaí ag teacht ó gach réimse den sochaí le teacht ar réitiú don fhadhb seo.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.