Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 9, 2021

Ba Cheart Moladh – agus grinnscrúdú – a Thabhairt d’Ardú Ranguithe an Choláiste

Tá an Tríonóid tar éis éirí naoi n-áit sa Times Higher Education World Universities Rankings don bhliain 2022.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ba é an blás stuama a bhí ag feachtas thoghchánaíocht Phropast Linda Doyle ar cheann de na tarraingtí is mó a bhí aici. Tháinig deireadh leis na laethanta ina raibh muid ró-dhírithe ar na ranguithe: anois “Is ceart go leanfaidh ranguithe ónár n-iompar” seachas a mhalairt. Léiríonn an t-ardú naoi gcéim a tharla an tseachtain seo, áfach, an leas atá ag baint le aird a thabhairt ar na ranguithe.

Chuaigh an tIar-Phropast Patrick Prendergast siar is aniar ar cheist na ranguithe. Thug sé faoi i dtosach báire ar “fheachtas beagnach-néaróiseach,” mar a chuir an Bord Eagarthóireachta seo air, chun feabhas a chur ar sheasamh an Choláiste. Ina dhiaidh sin, áfach, dúirt sé go raibh an rangú ró-shimplí agus nach raibh aitheantas ceart á fháil ag an Choláiste.

Nuair a bhí an coláiste ag titim agus ag titim sna ranguithe ba léir, in ainneoin na lochtanna follasacha a bhaineann le ranguithe, go bhfuil tábhacht leo. Seans go mbeadh an choláiste agus an tír ar an iomlán ag streachailt leis na mic léinn is cliste in Éirinn a choimeád – gan trácht ar thallann acadúil idirnáisiúnta a mhealladh.

ADVERTISEMENT

Ach d’éirigh le Prendergast ranguithe an Coláiste a tharraing suas arís tar éis titim 44 chéim sa bhliain 2019. Anuraidh, de réir ranguithe Times Higher Education, chuaigh sé naoi gcéim chun cinn. Tá an rud ceannann céanna déanta i mbliana. Cosúil leis sin, tá an Tríonóid anois socraithe ar an 101ú áit –áit ina raibh sí le dhá bhliain anuas.
Mar sin, cén ceacht ar féidir linn foghlaim ó na deacrachtaí rangaithe le roinnt blianta anuas? Nuair a bhíonn ró-bhéim curtha ar na ranguithe, bíonn na mic léinn agus foireann an Choláiste fágtha ar lár. Ach tá aird tuilte ag na ranguithe ar aon nós má tá an Choláiste ag iarraidh meath eile a sheachaint.

Anois tá an dualgas ar Doyle an chothromaíocht cheart a aimsiú. Ní cosúil go seasfaidh sí go dlúth le deargiomaíocht na ranguithe, ach ní mór aird a thabhairt dóibh. Is meancóg a bheadh ann seasamh siar go hiomlán ón chóras ranguithe – go háirithe anois gur uirlis mhaith iad chun stocaireacht a dhéanamh nuair a bheas tuilleadh infheistíocht ón rialtas á lorg ag an Choláiste.

Níl sé ceart a rá gur cuma le Doyle na ranguithe. Agus ise ina Déan don Taighde, dúirt sí gur ceart tús áite náisiúnta a thabhairt do na ranguithe; mar sin ba léir go dtuigeann sí go maith an tábhacht a bhaineann leo.

Ach pé scéal é, tá sé ríthábhachtach nach n-éiríonn an coláiste gafa leis an reitric “Is ceart go leanfaidh ranguithe ónár n-iompar” – go háirithe nuair nach bhfuil sé soiléir sa chéad dul síos an ciall atá leis an frása go praiticiúil – agus go leanann sé ar aghaidh lena gcuid iarrachtaí le dul in airde sna ranguithe.