News
Nov 1, 2021

Sinn Féin ar son Cearta Oibreoirí a Thabhairt d’iarchéimithe ag Ard-Fheis

De réir na tairisceana, “eilíonn [an Ard-Fheis seo] iarchéimithe a aithint mar oibreoirí le stádas lucht fostaithe".

Siothrún SardinaEagarthóir na Gaeilge

Ag Ard-Fheis 2021 de chuid Sinn Féin, a tharla ar an 30ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, d’éirigh le tairiscint an pháirtí chun seasamh ar son cearta lucht oibre a thabhairt do thaighdeoirí iarchéimithe.

De réir na tairisceana, “Éilíonn [an Ard-Fheis seo] iarchéimithe a aithint mar oibreoirí le stádas lucht fostaithe, le conartha fostaithe, agus le cearta cómhargála acu.”

“Ba cheart do na conartha taighde, cúram do pháistí, agus obair riaracháin a thógáil san áireamh, agus pá máithreachais agus aithreachais agus saoire thinnis a bheith mar chuid de”

ADVERTISEMENT

Móide sin, d’iarr an tairiscint deireadh a chur le teagasc gan phá, agus chun cinntiú go bhfuil an pá ar leibhéal in-mharthana do na hiarchéimithe.

“Éilíonn [an Ard-Fheis seo] deireadh iomlán le teagaisc agus le obair acadúil déanta ag taighdeoirí iarchéime gan phá. Níor cheart go mbeadh tuarastal na n-iarchéimithe faoi leibhéal inmharthana”

Chur an Postgraduate Workers’ Alliance ag Coláiste na Tríonóide fáilte roimh an scéal seo. Maidir leis an tairiscint seo, dúirt siad “Tá muid an-sásta le feiceáil go bhfuil @sinnfeinirelan [sic] ar thaobh bun-éilimh ár bhfeachtais”

Bá é Pobal Roimh Bhrabús an chéad pháirtí polaitiúil chun seasamh ar son cearta oibreoirí a thabhairt d’iarchéimithe.

Bhí an Postgraduate Workers’ Alliance ar troid ar son na cearta seo le fada. Le déanaí, chur siad achainí amach chun cearta lucht oibre a fháil do thaighdeoirí iarchéime. Thosaigh siad a bhfeachtas don bhliain acadúil seo i mí Meithimh agus iad ag cur béim ar conartha a chur ar fáil do mhic léinn PhD mar chuid lárnach dá gclár polasaí.

Tá an Postgraduate Workers’ Alliance ag Coláiste na Tríonóide mar chuid d’fheachtas idir roinnt choláistí chun cearta iarchéimithe a bhuachan.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.