Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 10, 2021

Tá sé in am don Chéad Chéim eile i dTionscadal Ollscoile Teicneolaíochta

An tSeachtain seo, d’fhógair an tAire Ardoideachais dhá institiúid teicneolaíochta atá le hoscailt

Leis an mBord Eagarthóireachta

Cad is ollscoil theicneolaíochta ann?

Agus tionscadal ollscoil theicneolaíocht na hÉireann ag teacht chun críche leis an bhfógra maidir leis an cúigiú hinstitiúid den chineál seo sa tír a fógraíodh, ní mór do pháirtithe leasmhara an cheist seo a chur arís.

Fiú trí bliana ó shin ní raibh ollscoil theicneolaíochta ar bith sa tír seo agus ag an am seo níor thuig cuid mhór daoine san earnáil an téarma seo. Cad é a bheadh i gceist do na hinstitiúidí teicneolaíochta difriúla má thagann siad le chéile chun an cineál ollscoile nua seo a bhunú? An mbainfear fíorleasuithe amach?

ADVERTISEMENT

Tá sé deacair neamhaird a dhéanamh ar an ghné pholaitiúil den tionscadal. Is bua éasca é don Aire Ardoideachais, Simon Harris, má leanann sé air ar lánseol leis an tionscadal. Is beag duine a déarfadh gur drochrud é an fhorbairt réigiúnach. Ach caithfidh go bhfuil dhá chéim i gceist leis an tionscadal – muna bhfuil i gceist leis na próiseas chun na hinstitiúide teicneolaíochta athrú chuig ollscoileanna ach ainm nua a thabhairt dóibh, bheadh teip ar an tionscadal. Ba cheart caighdeán oideachas sna hollscoileanna teicneolaíochta a bheith cosúil le caighdeán ollscoileanna traidisiúnta, agus fíor-oideachas ollscoile a thabhairt do mhic léinn – cuid mhór acu nach bhfuil rochtain acu ar an ghnáth-oideachas ollscoile ar chúiseanna éagsúla.

Ach níor cheart do na hinstitiúide teicneolaíochta dearmad a dhéanamh ar a bunchlocha: is ó na ceirdeanna a tháinig na hinstitiúide teicneolaíochta, agus ní mór dóibh oideachais níos praiticiúla agus bunaithe ar earnáil na tionsclaíochta, a chuir ar fáil, i gcomparáid leis na hollscoileanna traidisiúnta.

Tá geilleagar eolais na hÉireann thar a bheith láidir, ach tá ardnós ag baint leis an ardoideachais – rud a ghoileann ar Harris a admháil leis an phróiseas iarratais nua CAO.

Tá sé anois in am do na hollscoileanna teicneolaíochta a stíl oideachais féin a bhaint amach – níl deireadh leis an tionscadal TU go fóill.