Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 25, 2022

Níl COVID imithe. Tá Orainn bheith Cúramach agus Foghlaim ón Dá Bhliain seo Caite.

D’fhógair an rialtas laghdú ar na srianta Dé hAoine.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Sula gceiliúraimid deireadh na paindéime, caithfimid ár machnamh a dhéanamh ar chúrsaí mar atá. D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin deireadh tobann leis an gcuid is mó de na srianta a bhí fágtha – tá cead ag clubanna oíche athoscailt, níl scaradh sóisialta i bhfeidhm a thuilleadh, agus is dócha nach mbeidh gá leis na maisc sul i bhfad. Ní hionann sin is gur féidir linn dearmad iomlán a dhéanamh ar an víreas, áfach.

Ar an gcéad dul síos, caithfimid i bhfad níos mó comhbhá a léiriú do na daoine imdhíon-lagaithe. Níor chuaigh mórán daoine a bhí i mbaol ard ón víreas in ann dul as dianghlasáil riamh, agus cinnte nach bhfuil siad slán anois agus níos mó ná 10,000 cás ag tarlú in aghaidh an lae. Ní hamháin dóibh, ach dá gcairde is dá muintir, caithfimid bheith réidh agus toiliúil tacaíocht chuí a thabhairt.

Ní féidir le cúrsaí coláiste filleadh ar normáltacht go tobann ach an oiread. Caithfidh go bhfuil plean ann do na mic léinn nach féidir leo dul isteach sa seomra ranga. Agus chomh fada agus is gá a leithéid sin de chúram a bheith ann, ba cheart gach tacaíocht a chur ar fáil dóibh agus iad ag foghlaim ó bhaile.

ADVERTISEMENT

Ba cheart don Tríonóid éisteacht lena saineolaithe féin: thug an tOllamh Luke O’Neill rabhadh faoi “COVID fada”. Ba cheart mic léinn agus baill foirne atá buailte aige sin bheith curtha san áireamh.

Beidh áthas mór ar a lán mac léinn de bharr an laghdú ar na srianta, agus beidh roinnt ball foirne sásta filleadh ar áit oibre níos normálta. Ach beidh imní ar roinnt daoine eile de bharr cúiseanna éagsúla. Níor chóir na daoine sin a fhágáil ar lár: tá foghlaim hibrideach luachmhar do na mic léinn nach féidir leo dul ar campas go rialta, mar shampla mar gheall ar míchumas, freagrach cúraim, nó cibé rud eile.

Beidh freagra ar leith ag gach duine don saoirse tobann seo. Beidh luach mór ar foighne agus ar comhbhá – go speisialta i gcásanna ina mbeidh strus mór ag baint le hathruithe, cosúil le spriocdhátaí tráchtais agus le socrúcháin.

Go dtí seo, bhí an Tríonóide coimeádach ar thaobh na paindéime de – uaireanta ró-choimeádach. Níor cheart ligean don choimeádachas an chiall a shárú amach anseo. Ach níor cheart don filleadh mealltach ar “normáltacht” bheith amhlaidh ach an oiread.