Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 8, 2022

Ní Réiteach Tapa ar Fhadhbanna an TCDSU é Comhairle Chairdiúil Amháin

Ag an gcomhairle an Mháirt seo caite, spreag ábhar plé faoi chúrsaí measa san aontas gealltanas ó bhaill dul i mbun comhráite níos cairdiúla.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tháinig athrú ar atmaisféar Aontas Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) ag an gcruinniú deireanach. Agus ábhar plé curtha roimh an Aontas, léim roinnt mhaith daoine den lucht freastala isteach sa chomhrá. Den chuid is mó, d’aontaigh iad siúd a raibh ann nach raibh go leor measa tugtha do dhaoine a chuir i gcomhair na comhairle, rud a chur daoine i gcoinne labhairt amach ar eagla go gcuirfear iad ina dtost.

Tagann cuid mhór den fhrustrachas atá ar lucht na comhairle ó leadrán roinnt rún agus ábhar plé. Is tábhachtach an t-ardán é an tAontas, ach níor cheart mí-úsáid a bhaint as.

Agus cé gur fíor nach go bhfuil frustrachas ag baint le cruinnithe comhairle fada agus nach n-aontóidh gach duine – ná níor cheart dóibh aontú ar gach rud – níor cheart d’éinne dul thar fóir. Níl sé de cheart ag lucht TCDSU dul i muinín maslaí ar son gáire bhig isteach san Ed Burke ná ar son airde ar Twitter agus bheith den tuairim go bhfuil an fhadhb seo réitithe. Bíonn cuntais phearsanta agus phoiblí in úsáid chun a leithéid sin de mhaslaí a roinnt – bíodh siad díreach nó indíreach – agus ní mór é seo a stopadh. Tá cultúr ag fás sa chomhairle ina gceapann roinnt ball nach bhfuil freagracht orthu as cad a deir siad, fiú agus na focail sin scríofa taobh thiar de scáileán.
.
Má chreideann an chomhairle go bhfuil bulaíocht dírithe ar éinne san aontas, ba cheart dó léiriú nach nglactar lena leithéid sin, agus go mbeidh cuntasaíocht ann dóibh siúd a dhéanann é. Má tá baill ag cur am na comhairle amú, is fadhb ar leith í sin gur ceart é a phlé le meas.

ADVERTISEMENT

Ba cheart go mbeadh dímheas léirithe ar daoine a bhfuil tuairimí eile acu ina chúis imní do TCDSU – aontas atá ann do na mic léinn ar fad. Léiríonn an easpa suime i ndíospóireacht cheart neamhshuim ar dhaonlathas cóir san aontas.

Fiú dá mbeadh gach rud curtha i gceart ag deireadh an chruinnithe Dé Máirt, ní hionann sin agus síocháin fillte ar an aontas. Tá sé deacair gan tuiscint go bhfuil toghchán ag druidim linn, agus go mbeidh ceisteanna curtha orthu siúd atá ag rith faoin gcultúr maslach a fheiceann roinnt daoine san aontas agus an ról atá acu le cultúr measa a fhorbairt – nó gan a fhorbairt.