Bhí Aontas na Mac Léinn Iarchéime scoite amach go hoifigiúil ag bord an choláiste an tseachtain seo caite nuair a chúlgair sé a airgeadas agus a stádas mar ceann de na cúig chomhlacht ag fáil cistí. Tá sé sin deireadh le hAontas na Mac Léinn Iarchéime.
Tá sé sin deireadh de scéal fadálach a mhair beagnach dhá bhliain a léirigh gur theip ar Aontas na Mac Léinn Iarchéime toghchán a rith tar éis toghcháin. Déantar na cruinnithe a óstáil i gcúinsí neamhchinnte sna cúinsí is fearr. Bhí a lán fadbhanna ag an gcomhlacht seo roimhe le hairgeadas agus daonlathas. Faoi deireadh, tá a ‘chos curtha síos’ ag gColáiste na Tríonóide.
I mí Iúil 2021, cuireadh deireadh leis na cistí a bhí á soláthar dóibh. Tá sé sin mar gheall ar crinniú ginearálta urghnách conspóideach nuair a bhí an Coiste Caipitíochta gan a bheith in ann teacht ar tuairim faoi na himeachtaí mar gheall ar easpa rannpháirtíocht ón Uachtarán agus ón Leas-Uachtarán. Tugadh rabhadh don Aontas na Mac Léinn. D’fhéadfadh siad an deis a thapú chun athruithe barrthábhachtach a dhéanamh, ach ní dhearna siad sé sin. Mar thoradh, bhí fadhbanna ag méadú i gcónaí.
Bheadh sé dodhéanta saincheisteanna Aontas na Mac Léinn Iarchéime a phlé gan líomhaintí le déanaí faoi an t-uachtarán a lua. Bhí na toghcháin a bhuaigh sé míbhunreachtúil, mar a bhí go leor de na gníomhartha a rinne a réamhtheachtaí. Ina theannta sin, bhí go leor líomhaintí ina choinne mar gheall ar mí-iompar gnéis. Mar gheall ar sin, chuir Aontas na Mac Léinn, Coláiste na Tríonóide a gceangal ar fionraí le hAontas na Mac Léinn Iarchéime agus an choláiste chun iarracht a dhéanamh ar deireadh faoin easpa cuntasachta.
Tá sé sothuigthe nár cheart mic léinn iarchéime a fhágáil gan aon ionadaíocht mar go bhfuil a nguth thar a bheith tábhachtach do phobal an choláiste. Ach, mar é sin ráite, tá sé soléir nach bhfuil Aontas na Mac Léinn Iarchéime oiriúnach dá chuspóir faoi láthair.
Níl aon taifead ag an gcoláiste ar a bhfuil déanta ag Aontas na Mac Léinn Iarchéime lena maoiniú le bliain anuas, is é seo ceann de na príomhchúiseanna ar cuireadh a maoiniú ar fionraí. Is cinnte nach bhfuil na toghthóirí bunreachtúla nó dlisteanach agus mar sin, bheadh sé éagórach ar iarrthóiri ionchasacha iarraidh orthú páirt a ghlacadh.
Tá sé soléir dá n-admhaigh Aontas na Mac Léinn Iarchéime na saincheisteanna cuntasachta agus soiléire seo níos luaithe in am, agus má d’oibrigh siad le hAontas na Mac Léinn, Coláiste na Tríonóide chun a fhadhbanna airegeadais a dheisiú, is dócha nach mbeadh an fhadhb seo chomh mór sin.