Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 9, 2016

Ní Maith an tIonadaí do Réitigh Pholaitiúla atá i gComhdhearcadh Polaitiúil

Cibé acu an t-oochtú leasú nó an t-ardoideachas atá i gceist, is ga cinntí a dhéanamh le comhdhearcadh nó gan é.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I seimineár faoi mhaoiniú ardoideachais Dé Chéadaoin, pléadh scéimeanna iasachta go mór. Agus iad ag labhairt faoi Choláiste na Tríonóide agus ollscoileanna eile, bhain na cainteoirí go láidir de thátal go bhfuil dúshláin achrannacha gan fasach roimh an earnáil ardoideachais nach mbeidh éasca iad a réiteach.

De réir dealraimh, bhí ceann dena painéil, ar a raibh na seanadóirí Ivana Bacik agus Lynn Ruane, Uachtarán Aontais na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, Kieran McNulty, agus urlabhraí oideachais Fianna Fáil, Thomas Byrne, in aontas gurbh fhéidir nach mbeadh scéim iasachta ina dea-réiteach ar an ngéarchéim maoinithe. Ní níos faide a théann an comhdhearcadh sin, áfach.

Dúirt Byrne go raibh a pháirtí polaitiúil “le hintinn oscailte” ach airdeallach i dtreo na ceiste, cur síos a nochtann cuid mhór de fhreagairt na bpolaiteoirí i leith fadhbanna ardoideachais. Leoga, d’admháil sé go mbeidh “mórán ama ag teastáil ón bpróiseas polaitiúil chun an córas is fearr a chinntiú,” do mhaoiniú na hearnála.

ADVERTISEMENT

Más é sin atá i gceist sa chomhdhearcadh, is cóir bheith soiniciúil. Ní ionann sin is a rá go bhfuil an “próiseas polaitiúil” ligthe ina aonair chun córas maoinithe a chruthú. Tá na roghanna a chuir grúpa oibre do mhaoiniú ardoideachais an rialtais soiléir agus inaitheanta. Leoga, mhol an tOllamh Bruce Chapman ó Ollscoil Náisiúnta na hÁstráile, a labhair ag an seimineár Dé Chéadaoin, obair Peter Cassells, a bhí in chathaoirleach ar an ngrúpa oibre.

Cé go raibh Cassells in ann na costais geilleagracha a bhaineann le gach córas a chur in iúl, níl sé i gcónaí go náitíonn na fáthanna geilleagracha na polaiteoirí, is cuam cé comh solabhartha a mhínítear iad. Mar a luaigh Bacik Dé Chéadaoin, tá cinntí pholaitiúla agus gheilleagracha bainteach le gach rogha. I mí Iúil, in áit eolais a thabhairt d’airí agus iad ag déanamh a gcuid cinntí, de réir cosúlachta, ní raibh i bhfoilsiúchán na tuairisce Cassells ach tús ráis dobhuaite chuig comhdhearcadh traspháirtí.

Is aidhm inmholta atá i gcomhdhearcadh sa pholaitíocht. Ach ní gá dúinn comhdhearcadh a ionadú do spaisteoireacht pholaitiúil. Sa díospóireacht ar an ochtú leasú, tá lorg chomhdhearcadh ag cur stop le cinntí sa pholaitíocht. Tá sé tábhachtach go n-aontaíonn na páirtithe pholaitiúla ar chóras maoinithe amháin – bheadh cinntí ar neamhréir lena chéile i bhfad níos milltí – ach ní féidir labhairt faoi go deo gan polasaí a roghnú.