Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 8, 2017

Roimh Theacht an Tionscnaimh Oideachais, ba cheart go mBeimis ag Tnúth le hAthruithe Móra

Is maith an scéalaí an aimsir i gcomhthéacs tionchair Tionscnamh Oideachas na Tríonóide, ach botún a bheadh sa dhearcadh a dhiúltaíonn go mbeidh athruithe suntasacha.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le Tionscnamh Oideachas na Tríonóide (TEP), tá an Coláiste tar éis gealladh a dhéanamh athruithe tromchúiseacha a dhéanmah dona córais bunúsacha atá i bhfeidhm faoi láthair. Sa bhealach ina mhúintear do mhci léinn agus sa bhealach ina dhéantar measúnú orthu, dearbhaíonn Coláiste na Tríonóide go mbeidh an saghas oideachais a bheidh ag céimi agus é ag fágáil na hollscoile go hiomlan difrúil leis an gceann a bhí ag céimithe roimhe sin.

Tá cuma an-teibí air seo, áfach, agus is éasca bheith soiniciúil faoi chonas mar is féidir le Coláiste na Tríonóide na hathruithe sin a chur i gcrích, go háirithe de bharr an mhéid bhig ama atá aige chun é seo a dhéanamh – beidh mic léinn a iontrálóidh sa bhliain 2018 ag dul i ngleic le córais go hiomlán difriúla. Dá bharr sin, cé go bhfuil na hathruithe ata ag teacht cloiste againn go mór go dtí seo – tús níos luaithe don téarma, fáil réidh TSM, saghsanna measúnaithe níos leithne agus seachtain scrúduithe na Nollag (cé go mbeidh méid níos lú scrúduithe i bhfeidhm – tá sé éasca tionchar na n-athruithe sin ar thaithí an mhic léinn den Choláiste a dhiúltú agus féachaint orthu le hamhras agus le heaspa creidimh. Leoga, bheadh sé ar chumas léachtóra nó scoile iomlán go fiú a gcuraclam agus a measúnú comh cosúil leis an gcóras reatha agus is féidir a dhéanamh.

Beidh athruithe ann áfach, a bheidh tionchar acu ar shaol na mac léinn go cinnte agus go soileir. Tá cúpla cinn dena hathruithe sin dearfach. Cuirfidh córas amchlár daingnithe na hamchláir ar fáil do mhic léinn níos luaithe sa bhliain, roimh chéad seachtain an téarma. Beidh cuid mhór dóibh áfach, aisteach agus mearbhallach don tromlach i gcomhphobal Choláiste na Tríonóide atá nósanna agus córais traidisiúnta acu le blianta anuas.

ADVERTISEMENT

Is dócha go n-athrófar cuid dena gnéithe de Cholaiste na Tríonóide a shainmhíníonn an Coláiste i súile mórán daoine. Mar shampla, agus seachtain scrúduithe na Nollag á chur i bhfeidhm, tá Nollaig go hiomlán níos measa fós amach roimh na mic léinn sa dara bliain atá chun na scrúduithe Schols a dhéanamh i mí Eanáir.

Níl mic léinn reatha ag glacadh páirte sa phróiseas comhairleoireachta ata thart timpeall ar an tionscnamh, agus ní bheidh tionchar ag na leasauithe orthu féin. Ach, go fiú mura gcomhlíonfaí cuid mhór dena haidhmeanna atá ag an tionscnamh, níl amhras ar bith ann go n-athrófar go cuimsitheach taithí an mhic léinn i gColáiste na Tríonóide.