Comment & Analysis
Feb 12, 2017

Bí Cúramach Faoi Chóras Maoinithe a Dhíolann Iasachtaí Mac Léinn de £4 billiún d’Infhesiteoirí

Baineann cinneadh na Ríochta Aontaithe ról a thabhairt don earnáil phríobháideach i margadh iasachtaí mac léinn an bonn de chuid mhór dena hargóintí i bhfabhar iasachtaí.

Tá sé fógartha ag rialtas na Ríochta Aontaithe go mbeidh sé chun dul i mbun díola iasachtaí de £4 billiún a raibh le haisíoc don chéad uair idir 2002 agus 2006, agus is é sin an chéad céim i gclár ceithre bhliain díola.

Is cúis imní atá ann sin de bharr cúpla fáthanna. I dtosach báire, ligeann sé sin d’infheisteoirí brabús tapa a bhaint amach as fiacha mac léinn. Thar fhreasúra idé-eolaíoch, músclaíonn an beartas sin eagla dlisteanach maidir le todhchaí scéimeanna iasachtaí. Agus é bunaithe ar chóras Meiriceánach tríd na hiasachtaí a dhíol d’infheisteoirí, tá an rialtas ag cruthú fasaigh a bheadh le hathrú go héasca de réir riachtanas infhesiteoirí agus státchíste nuair a bheidh sé gan phingin.

Mar thír a bhfuil tionchar mór ag an Ríocht Aontaithe uirthi, le chomhfhios nó gan é, is gá dúinn forbairtí san ardoideachas a tharlaíonn inti. Turgnamh a bhí sa mhéadú ollmhór táillí sa Ríocht Aontaithe a mhúscail mórán buartha, a bhí rite le ceanndánacht idé-eolaíoch nach bhfeictear go minic i bpolaitíocht na hÉireann.

ADVERTISEMENT

Tá sé ráite ag a lán daoine, ár bPropast Patrick Prendergast ina measc, go bhfuil córas maoinithe d’ardoideachas atá go hiomlan Éireannach ag teastáil. Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton go bhfuil sé ag iarraidh an córas oideachais is fearr san Eoraip a chruthú sna deich mbliain atá amach romhainn. Ach ní deacair an rud é tabharit faoi deara go mbeidh aird de shagas ar bith tabhartha ag lucht na polaitíochta dá bhfuil ag tarlú sa chóras Sasanach. Ní deacair an rud é tabhairt faoi deara go mbeadh mórán suime ag rialtas ar bith i gcóras atá chun £121 billiún a thuilleadh don státchíste roimh 2020.

Cuirtear díomá go traidisiúnta ar lucht molta scéimeanna iasachtaí tar éis beartais na bpolaiteoirí. Mar a dúirt an tOllamh Nicholas Barr ó Scoil na hEacnamíochta Londain le The University Times faoin gcóras Sasanach, “ag gach céim den phróiseas, nuair a bhí dóchúlacht go ndearnadh an rialtas botún, rinne sé é.” An lae inniu, tá cúpla fáthanna níos mó tabhartha againn aire a thabhairt do chomhlachtaí rialtais agus cumas institiúideach. Da dtabharfaimis ról don earnáil phríobháideach sa chaidreamh ata casta cheana féin idir an stát agus mic léinn, bheimis ag cruthú bunúis fadhbanna móra eile sa todhchaí.

Is cinnte go gcoimtheodh nasc do leas príobháideach na clanna agus na daoine óga a bhfuil cuimhne phianmhgar acu de ghéarchéim sa bhliain 2008. Tá cuma a chonacthas roimhe sin ag fiach, infheisteoirí agus leas príobháideach, go háirithe ddo dhaoine a chonaic na baoil san ardoideachas.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.