Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 12, 2018

Níl Bua ar Bith le hAimsiú Maidir le Cinneadh an Déin Shóisearaigh faoi Sean Ryan

Ní chiallaíonn freagra an Déin Shóisearaigh nach bhfuil bunús ag na líomhaintí ina choinne. Ba chóir go mbeidh mic léinn ag súil le níos mó.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, dúirt an Déan Sóisearach, Tim Trimble le Sean Ryan, iar-iarrthóir ar Uachtarán Aontas na Mac Léinn (TCDSU), nach raibh cás ann le freagairt faoi na líomhaintí maidir le ciapadh gnéis a rinneadh ina choinne.

Ach más ann do na seatanna scáileáin a léiríonn caidreamh Ryan leis na mná atá tar éis ciapadh gnéis a chuir ina leith, chaithfí ceist a chuir cén chaoi ar tháinig Trimble chuig an gcinneadh seo.

Ba chóir go n-aithneofar go bhfuil polasaithe agus rialacha bunúsacha ag an gcoláiste, go háirithe toisc go ndeirtear gur tharla na heachtraithe seo ar líne. Bíodh is nach n-oireann an t-iompar do shainmhínithe ársa an choláiste maidir le ciapadh gnéis, ni chiallaíonn sin nach raibh an t-iompar seo neamhoiriúnach – nó nach bhféadfaí an t-iompar a sainiú mar chiapadh gnéis.

ADVERTISEMENT

Bhain an tuairisc maidir le líomhaintí faoi chiapadh gnéis croitheadh as an gcampas agus is crá croí í an tuairisc do a lán mac léinn. Tá lucht tacaithe Ryan ag úsáid cinneadh Trimble mar chathréim de chineál éigin, ach níl cathréim ar bith le haimsiú anseo. Níl duine ar bith ann a d’éirigh leo éalú ó seo.

Cé gur cóir go raibh tuairisceoireacht níos míne ag Trinity News faoin scéal, léiríonn toradh an scéil go ndéanfar mionscrúdú ar chuile iarrthóir ar Thoghcháin Aontas na Mac Léinn (TCDSU), nó iarrthóirí ar bith a bhfuil post cumhachtach uathu. Sa ré iar-Weinstein seo, tá sé curtha in iúl nach nglacfaidh siad leis an gcineál seo iompair, fiú má chreideann an Déan Sóisearach nach bhfuil cás ann.

Léiríonn freagairt na ndaoine a úsáideann an “bua” seo chun glacadh le mí-iompar i gcoinne daoine eile go bhfuil dearcadh seanchaite agus Trumpian acu maidir le mná agus na meáin. Anois, is gá dúinn foghlaim conas dushlán a chuir rompu siúd a bhfuil post cumhachtach á lorg acu, agus troid i gcoinne ciapadh gnéis i ngach orlach den domhan.

Bímis soiléir: Ní chiallaíonn freagra Trimble nach bhfuil bunús ag na líomhaintí ina choinne nó nach bhfuil Ryan ciontach ach an oiread – is iompar do-ghlactha é do dhuine a d’fhéadfadh bheith mar uachtarán Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide. Chomh maith leis sin, ní chiallaíonn sé go raibh Trinity News míchruinn ina chuid tuairisceoireachta. In ionad sin, cuireann sé brú orainn machnamh a dhéanamh cé chomh ábalta atá an coláiste déileáil le fadhbanna cosúil le seo.