Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 27, 2018

Nuair a Fhágann Uaillmhian Mic Léinn mar Athsmaoineamh

Léiríonn an Institiúid nua E3 go bhfuil teorann ann idir uaillmhianta agus polasaithe an rialtais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is beag a rinne Propast Patrick Prendergast, atá mar innealtóir mar cheird, chun a aoibhneas a cheilt nuair a fógraíodh an Institiúid Innealtóireachta, Fuinnimh, agus Timpeallachta (E3) de luach €60 milliún an tseachtain seo.

Is léiriúchán é an tionscnamh nua, a fuair maoiniú €15 ón rialtas, do chuile rud a sheas Prendergast dó i rith a shealbhaíocht oifige – nuálaíocht, agus caithréim dhaonchairdiúil. Chomh maith leis sin, léiríonn sé stuacántacht an Phropaist gan smacht a chailleadh ar earnáil tríú-leibhéil, go háirithe i rith ghéarchéim maoinithe.

Is féidir linn dhá rud eile a fhoghlaim faoi ardoideachas na hÉireann ón tionscnamh seo. An chéad rud gur féidir linn fhoghlaim ná nach bhfuil comhartha a bith ann go dtiocfaidh deireadh le galar an dúspéis atá ag an gcoláiste do STEM. In óráid a rinne Prindergast, thagair sé féin don íoróin sin nuair a dúirt sé go dtaispeánann rath na Tríonóide sna dána agus sna daonnachtaí an rath céanna atá ag an tír seo: “Aithnítear an tír seo ar fud an domhain mar gheall ar litríocht agus na dána”. Ní léiríonn maoiniú an choláiste é seo, faraor.

ADVERTISEMENT

Léiríonn E3 go bhfuil teorann idir uaillmhianta agus polasaithe an rialtais. Nuair a bítear ag iarraidh mic léinn an mhealladh – méadóidh E3 líon na mac léinn i gColáiste na Tríonóide faoi deich faoin gcéad – tá fonn dochloíte ar an Roinn Oideachais, mar shampla ag méadú na sproiceanna do mhic léinn lasmuigh den AE d’ollscoileanna na tíre agus ag athrú institiúidí teicneolaíochta ionas go mbeidh mic léinn idirnáisiúnta níos fabhraí dóibh. Tá díth airgid ar choláistí le beagnach deich mbliana anuas, bíonn siad sásta cúnamh a thabhairt.

Bíodh is go bhfuil iarracht dhíograiseach ar siúl chun mic léinn a mhealladh, níl mórán déanta chun tithíocht nó tacaíocht a chur ar fáil dóibh. Diúltaíonn an rialtas aon tithíocht do mhic léinn a thógáil, rud a chiallaíonn go bhfuil soláthraithe príobháideacha in ann táillí ríchostasacha a ghearradh.

Tá tithíocht ar-champas á tógáil ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i nGráinseach Gormáin. Ach ní bheidh sí ullamh go dtí 2020, agus tá an chathair ag éirí plódaithe le comhlachtaí tithíochta do mhic léinn. Tá seans ann go mbeidh praghas €900 in aghaidh na míosa dóibh siúd i nGráinseach Gormáin. Níl sainiú ceart ar bith ann don tithíocht nua a cuireadh ar fáil do Choláiste na Tríonóide ag Cé na Canálach Móire.

Níl seo á rá chun cuir i gcoinne tionscadail nó uaillmhian. Is minic a fheictear ar mhic léinn – faoi níos mó brú ná riamh – mar athsmaoineamh.