Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 2, 2018

Tá Cruthaitheacht NUIGSU i Leith na Gearchéime Lóistín le Moladh

Is loighciúil ciallmhar go bhfuil an aontas ag dul chun dlí.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní raibh drogall riamh ar ghluaiseacht na mac léinn dul isteach sna coimhlintí móra. Thar na blianta, bhain sí úsáid as modhanna éagsúla agóide chun dul i ngleic le rialtais agus leis na hollscoileanna iad féin.

I gcás an ghéarchéim lóistín, áfach, is léir le tamall go bhfuil nuálaíocht de dhíth ar an ghluaiseacht. Agus na comhlachtaí móra anathnaide ag tógáil suíomhanna lóistín ríchostasacha ar fud na tíre, tá na mic léinn agus a gcuid bhrúghrúpaí ag troid in éadan an smachta atá acu ar an mhargadh.

Go dtí seo, bhí torthaí éagsúla ar na hagóidí. Cé go dtugann siad aird ar chúrsaí, ní minic a fheictear réiteach fadtéarmach suntasach uathu. Tá an cíos go fóill iontach ard, agus is iomaí mac léinn a bhfuil deacrachtaí acu dul isteach san oideachas triú leibhéal mar thoradh.

ADVERTISEMENT

Fógraíodh le linn na seachtaine, áfach, go mbeidh Comhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh (NUIGSU) ag tabhairt Cúirt na Coiribe (an solathraí lóistín is mó don ollscoil, a chuir méadu 18% ar an chíos i mbliana) chun na cúirte – taispeánann sé seo go bhfuil an ghluaiseacht anois ag díriú isteach ar ghníomhaíocht dhearfach in ionad na dteaicticí guairilleacha agóide a bhí le feiceáil roimhe. Bíonn deacrachtaí, ar ndóigh, ag na grúpaí seo feachtasaíocht a eagrú le linn an tsamhraidh – mar sin de is loighciúil ciallmhar go bhfuil an aontas anois ag dul chun dlí.

Ní chuirfí mórán iontais, le haighneas le comhlacht mhór cumhachtach os a chomhair, dá mbeadh aontas mac léinn sásta bheith ag brath ar an chineál agóidíochta a fheictear sna cásanna seo de ghnáth.

Cé go bhfuil fiúntas leis na modhanna seo, is éifeachtaí i bhfad an cás cúirte seo chun taispeáint nach nglacfar go humhal le leithéid an mhéadú cíosa i gCúirt na Coiribe. Aithnítear anois nach leor mórshiúilte ná hagóidí suí a thuilleadh – is é seo an cineál gníomhaíochta atá uainn ónár n-aontas, agus ba chóir go bhfuil muid ag súil lena leithéid amach anseo. Ní léir cén toradh a bheas ar an chás, ach is modh agóide cruthaitheach é a tharraingíonn an aird atá ag taisteáil ón ghéarchéim seo.

Cibé toradh a bhainfidh NUIGSU amach, ba chóir go leantar sampla a gcuid chruthaitheachta ar fud na n-aontas ar fad chun dul i gleic leis an fhadhb seo mar is ceart.