Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 17, 2018

Mic Léinn na Tríonóide Chun Tosaigh san Fheachtas Tithíochta

Chuaigh grianghraif de na fir le balaclávaí orthu agus an scliúchas a thosaigh siad i bhfeidhm go mór ar bhreathnóirí a bhí neamhpháirteach go dtí sin.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le cúpla mí anuas, tá na gníomhaithe tithíochta de shíor ag obair chun aird a dhíriú ar ghéarchéim throm atá gan stanaodh. An tseachtain seo caite, tháinig an crú ar an tairne.

Bhí Twitter ar tinneall agus na sonraí agus na físeáin ag teacht amach ar dhíbirt gharbh an lucht agóide ón teach a bhí faoi fhorghabháil acu le 25 lá. Bhí grianghraif d’fhir le balaclávaí orthu, ag díbirt na n-agóideoirí ón fhoirgneamh, le feiceáil sna nuachtáin ar fad ar fud na tíre.

Chuaigh an scliúchas trodach idir agóideoirí agus gardaí slándála príobháideacha – agus na Gardaí Síochána ag faire – i bhfeidhm go mór ar bhreathnóirí a bhí neamhpháirteach go dtí sin. Cé go bhfuil daoine áirithe ag déanamh beag den eachtra, agus daoine eile ag tabhairt tacaíochta do na tiarnaí talún, is léir go bhfuil i bhfad níos mó den phobal iompaithe.

ADVERTISEMENT

Tá an t-athrú seo le feiceáil go mór i measc na mac léinn. In aineoinn a ngealltanas chun mairseáil mar chuid den Chomhghuaillíocht Náisiúnta ar son Tithíochta agus Daoine Gan Dídean, bhí na haontas mac léinn cúramach scartha ó na hagóidí. Ach i ndiaidh eachtra na seachtaine seo, chuir Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) agus Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) ráitis amach ag tacú leis an ghluaiseacht agus ag cáineadh gníomh na nGardaí agus na ngardaí slándála go trom.

Tá mic léinn lárnach san fheachtas, agus tá a dtiomantas agus dúthracht le moladh. Gabhadh gníomhaí iomráiteach na Tríonóide, Conchúir Ó Raidigh, agus gortaíodh é i gcosaint na cúise – chuir sé crógacht leis an chúis, a bhfuil tacaíocht de dhíth air ó lucht an láir. Is cosúil nár cáineadh na hagóideoirí ach ón eite fíordheis – bhí Burkean Journal na Tríonóide, irisleabhar le rud beag droch-chlú air, mar cheann de na foilseacháin amháin a chuir an locht ar Ó Raidaigh agus a chomhagóideoirí. Caithfidh na gníomhaithe anois tacaíocht an luchta míchinnte a bhaint, agus leas a bhaint as tacaíocht an phobail agus é anois ag fás.

Caithfear láidreacht na gluaiseachta anois a mholadh. Cuimhneofar cinnte an ghéarchéim tithíochta mar cheann de chúiseanna móra an ré seo – agus chuir an tseachtain seo cor ina cinniúint.