Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 4, 2019

Tá Pobal na Tríonóide i mBaol le Moladh d’Fhoireann an Choláiste

Tá meas tuillte ar fhoireann neamh-acadúil na Tríonóide, le heolas institiúideach ríluachmhar forbartha acu le blianta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le moladh an Choláiste dá fhoireann sna foirgnimh úra sa todhchaí, tá foireann neamhacadúil na Tríonóide – oibrithe slandála agus cothabhála, freastalaithe, agus foireann garraídóireachta – idir dhá thine Bealtaine.

Má ghlactar leis, beidh borradh i líon na foirne ar conradh, chomh maith le coinníollacha oibre níos measa d’fhostaithe úra. Mura nglactar, ní bheidh ar an Choláiste seasamh leis na dea-ghnéithe sa socrú seo ná i socrú ar bith, agus beidh sé ábalta postanna a chur amach ar fochonradh amháin.

Tá port an mhargaidh seo beag nó mór seinnte. Tá baill míshásta de chuid SIPTU ag vótáil le cúpla seachtain anuas, le gach cuma ar an scéal nach nglacfar leis an mholadh.

ADVERTISEMENT

Ó dhearcadh na Tríonóide, níl i gceist ach beart costchiorraithe – ní raibh an Coláiste riamh ar an ghannchuid mar atá anois. Ach ní féidir imní na foirne a dhiúltú.

Níl cúrsaí oibre i gColáiste na Tríonóide ar nós oibre i gcoláiste ar bith eile. Chomh maith le plé le mic léinn agus le hacadóirí, caithfidh an lucht slándála, mar shampla, faireachán a dhéanamh ar thurasóirí agus ar an phobal ginearálta, buíochas le suíomh cathrach agus tábhacht stairiúil na Tríonóide.

Tá eolas institiúideach ríluachmhar forbartha ag na hoibrithe seo leis na blianta, agus iad ag coinneáil an champais slán ó gach cineál drochghníomhaíochta. Thig leo neamhrialtacht a aithint sna seanfhoirgnimh chun poill nó briseadh ar bith eile a stopadh. Tá aithne acu ar na deacharachtair agus na drochcharachtair ar fad.

Taobh amuigh de thacú le córas ina shaothraíonn na hoibrithe fíorbheagán, le drochshochair agus drochchoinníollacha oibre, tá gach seans go gcuirfidh an Coláiste – agus é ag struipeáil a fhoireann fostaithe – a chuid mic léinn agus oibrithe i gcontúirt. Tá oibrithe cheana féin ag gearán faoi ghlanadh suas i ndiaidh oibrithe ar conradh, a thagann gan an ullmhúchán cuí do na tascanna agus na freagrachtaí atá le post i gcampas bríomhar i lár na cathrach.

Tagann Coláiste na Tríonóide i dtír ar a uathúlacht, agus tá pobal inmhaíte forbartha aige le hoibrithe a bhfuil aithne acu ar a chéile chomh maith le dílseacht dá n-áit oibre.

Léiríonn an socrú foirne seo iarracht chun phobal neamhacadúil na Tríonóide – atá forbartha ag an Coláiste thar na blianta – a chreimeadh. Tá gach seans go bhfaighfidh an Coláiste dual na droinne de.