Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 25, 2019

Ba Chóir go raibh Treoirlínte TCDSU ar Ionsaí Gnéis ann Blianta ó Shin

Tá togra úr an aontais ar threoirlínte gearáin le moladh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is iomaí scéal i mbliana a shonraigh an gá atá le beartas láidir soiléir ar ár gcampas maidir leis an dóigh chun ionsaí gnéis agus éigniú a thuairisciú. Ó thaighde a léiríonn líon ard na mac léinn ar rinneadh ionsaí orthu, go tuairiscí iad féin, is beag campas nach ndeachaigh an fhadhb seo i bhfeidhm air.

I gcás na Tríonóide, tá an Bord Eagarthóireachta seo ag éileamh ar an Choláiste chun próiseas gearáin níos soiléire maidir le hionsaí gnéis agus éigniú le fada an . Cé go bhfuil an córas mar atá go measartha – mura bhfuil sé go daingean – níl sé fóinteach go bhfuil sé i bhfolach. Níor chóir go mbeadh ar mhic léinn dul ag póirseáil ar shuíomh idirlín an Déain Shóisearaigh nó fríd an Polasaí Dínite agus Measa i ndiaidh thaithí trámach.

Níor tháinig athrú ar bith, áfach, agus arís tá an dualgas ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) bearta a dhéanah chun cinntiú go bhfuil na mic léinn eolach ar na roghanna atá acu.

ADVERTISEMENT

Is é an gníomh is déanaí acu ná 12 leathanach treoirlínte a phléann le gach rud ó thoiliú go dtí an dóigh áirithe gur féidir éigniú nó ionsaí gnéis a thuairisciú. Tá an doiciméad “Cad a Dhéanaim Anois?” déanta sa dóigh is go dtugtar treoracha soiléire do mhic léinn, nuair is cosúil go bhfuil gach rud ag imeacht as smacht. Ba chóir go ndearna an Coláiste é seo blianta ó shin.

Ní hé seo an t-athrú amháin a spreagfaidh an t-aontas ar an cheist seo ach an oiread. Gheall an t-Oifigeach Leasa tofa Aisling Leen chun obair le oifigigh an Choláiste chun beartas níos soiléire a chur i bhfeidhm, a chuirfeadh feabhas ar an chóras ad hoc cás-ar-chás mar atá faoi láthair. Cé gur fada an amlíne a leag sí – is é cúig bliana a sprioc – léiríonn sé ar a laghad go dtuigeann an t-aontas go gcaithfear tabhairt faoin fhadhb. Ó thaobh an Choláiste de, is cosúil nach bhfuil feasacht dá laghad aige féin.

Níor chóir go gcaithfidh an t-aontas an doiciméad seo a chruthú chun na próisis atá i bhfeidhm anois a mhíniú. Tá an togra seo, áfach, le moladh, agus má éiríonn leis beartas gearáin níos fearr a chruthú, beidh leas na mac léinn déanta aige – rud nach ndearna Colásite na Tríonóide go dtí seo.