Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 14, 2019

Iarsma ó Sheanré na Tríonóide le Bronnadh Céime de Réir Gráid

Tá searmanas bronnta céimeanna an Choláiste náireach ársa.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Go rialta i rith na bliana, glactar seilbh ar an Chearnóg Thosaigh le fústar róbaí dubha, hataí caite san aer agus splancanna ceamara, agus céimithe na Tríonóide ag ceiliúradh bronnadh a gcéimeanna acadúla.

Ach do roinnt daoine, mar a phléigh an Irish Times an tseachtain seo, ní i gcónaí a bhíonn an lá chomh lúcháireach mar is cóir. Le hinchéimithe a dheighilt in aicmí acadúla – ag nochtú seasamh gach mac léinn maidir le gráid – is follasach soiléir gur iomrallach seanchaite an dóigh í seo le searmanas bronnta céimeanna a rith.

Sa 21ú haois, is deacra seasamh le deasghnáth a dhéanann níos mó dochair ná sochar. Is tábhachtach cinnte éachtanna acadúla a cheiliúradh – ach ní fiú é sin más daoine nach bhfuil a ngráid chomh hard atá thíos leis.

ADVERTISEMENT

Agus ar bhonn níos leithne, is náireach ársa céimeanna a bhronnadh de réir gráid – as Laidin, ar nós scigaithrise ar íomhá na Tríonóide – i gcás Coláiste atá ag iarraidh a chur chuige i leith oideachais a nuachóiriú.

Níos lú ná coicís ó shin, bhí an Propast Patrick Prendergast ina sheasamh os comhair na gcéadta daoine sa Halla Scrúdaithe ag ceiliúradh ról na Tríonóide i “sochaí níos cothroime a mhúnlú – in Éirinn agus ar fud an domhain” ag seoladh feachtas daonchairdis a chur béim mhór ar chur chuige iomlánaíoch i leith oideachais.

Faoi réim Prendergast, tá an Tríonóid ag iarraidh an t-oideachas a chuireann sé ar fáil dá fhochéimithe a athrú ó bhun, ag cur béime níos mó ar mheasúnacht leanúnach agus ag iarraidh scileanna praiticiúla agus taithí a thabhairt dá chéimithe.

Ach tagann searmanas bronnta céimeanna a rangaíonn mic léinn de réir gráid salach ar an dul chun cinn oideolaíoch seo – agus ní thagann sé le céimeanna, ar nós Clár Rochtana na Tríonóide, i dtreo rochtana níos fearr ar an Choláiste. Maidir le Tionscadal Oideachais na Tríonóide, beartaíodh é sin chun tuiscint níos leaithne ar an oideachas a chothú – déanann rangú na n-inchéimithe de réir gráid a ghlanmhalairt.

San Irish Times an tseachtain seo, dúirt an Seanadóir Lynn Ruane, iar-Uachtarán Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU), go raibh uirthi dul i ngleic le “traidisiún náireach” bhronnadh céime na Tríonóide. Le cuidiú Dé, éisteoidh an Coláiste anois le lucht a cháinte agus cuirfidh sé deireadh le searmanas bronnta céimeanna dá bhfuil a lá caite.