Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 23, 2020

Léiríonn an Buiséad 2021 an Easpa Físe atá ann san Earnáil Tríú-Leibhéal

Bhí díomá ar mhórchuid de ranna tríú-leibhéal le Buiséad 2021 i mbliana.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Níos luaithe sa bhliain, thug lucht na hearnála ardoideachais a bhí ag lorg gnímh cosúil leis seo le blianta, an-aird ar chruthú na Roinne Ardoideachais. Tá sé cheana féin tar éis a bheith úsáideach go bhfuil roinn tiomanta ann, leis an Aire Ardoideachais Simon Harris cheana féin ag méadú áiteanna triú-leibhéal chun deileáil leis an mboilsciú grádanna ardteiste agus ag geallúint chun tús áite a thabhairt do cheisteanna móra le rá ar nós ionsaithe ghnéasaigh ar champas.

Bhí sé réasúnta mar sin, go raibh geallsealbhóirí ag súil go sínfeadh buntáistí roinne go dtí an buiséad, áit ina dtugadh neamhaird ar thríú-leibhéal le blianta beaga anuas. Tá polasaithe agus geallúintí go breá ach níl aon fhiúntas leo gan infheistiú airgid in earnáil atá ar an ngannchuid.

Ó thaobh seo de, bhí buiséad na seachtaine seo díomách. Seachas buiséad a thug tacaíocht do phlean chun institiúdí ardoideachais a fheabhasú arís i ndiaidh na mblianta go ndearnadh faillí orthu agus an cruatan coróinvíris, thug an rialtas tairscint leamh don choláiste.

ADVERTISEMENT

Tharraing an leithdháileadh buiséid do thríú-leibhéal aird ar an easpa tuisceana faoi dhúshláin reatha an earnála. In ionad teacht ar sheift chun na hearnála a dheisiú go fad tearmach, fuair institiúdí ardoideachais meascán mearaí de bhronntanais airgeadais – gan bhrí.

Bhí an ciste €50 milliún chun cabhrú le mic léinn tríú-leibhéal ag streachailt le hanró airgeadais mar gheall ar an bpaindéim an-aisteach ach go háirithe. Gan aon phleananna conas an t-airgead a dháileadh agus easpa soiléirithe maidir leis an mbunús atá leis an gcinneadh, bhí an cinneadh mearbhlach agus theip air tacaíocht a bhailiú ó mhic léinn a bhí an rialtas, cinnte, ag súil le.

Thairis sin, dealraíonn sé nach raibh an cinneadh na cistí seo a dháileadh le mic léinn tríú-leibhéal, seachas córas bunaithe ar riachtanais nó infheistiú i seirbhísí atá tairbheach do na mic léinn uilig – cosúil le méadú tacaíochtaí comhairleoireachta – curtha i bhfeidhm go héifeachtach agus measta go holc.

Ní féidir le hearnálacha maireachtáil ar bhéalchrábhadh amháin, agus ní thuigeann éinne é níos mó ná hinstitiúdí tríú-leibhéal.