Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 30, 2020

Níl Nuálaíochtaí Áiféiseacha Cosúil le Black Mirror de Dhíth Tar Éis Paindéime

An tseachtain seo, scaoileadh plépháipéar a thaispeáin moltaí bunaithe ar an bpaindéim don todhchaí a bhí ag baill shinsireacha foirne an choláiste.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Is cosúil go bhfuaireamar blas ar cad atá i ndán don Tríonóid, tar éis a thuairiscigh The University Times ar phlépháipéar rúnda a thug achoimre ar liosta de mholtaí bunaithe ar an bpaindéim don todhchaí ag Comhairle na hOllscoile. I measc na moltaí sa phlépháipéar ná moill a chruthú lasmuigh den champas, foirgnimh a dhíol agus a scriosadh agus foghlaim ar líne a chur mar ghné fadtéarmach de shaol an Choláiste.

Is smaoineamh contúirteach é inspioráid a ghlacadh ó nithe a tharla don Choláiste ó thús na paindéime. Bliain uafásach a bhí ann don fhoireann agus do mhic léinn, agus mhill sé eispéireas na Tríonóide do mhórchuid daoine. Tá an coróinvíreas cosúil le scannán uafáis atá daoine ag fulaingt lena linn, agus is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh é a fhágáil ina ndiaidh.

Níl aon chomparáid ann idir rang Zoom ar líne agus ag suí i léachtlann nó seomra teagaisc. Léiríonn an chaoi go bhfuil an Roinn Ardoideachais ag iarraidh mic léinn a fháil ar ais ar champas ar eagla go dtarraingíonn mic léinn siar ón gcoláiste é seo. Dar le cónaitheoirí i Halla na Tríonóide, tá sé amhail agus a bheith i do chónaí i bpríosún. Buaileadh cumainn agus clubanna go dona freisin– ó thaobh na rannpháirtíochta de agus i dtaobh na síntiús.

ADVERTISEMENT

Arís is arís eile, feicimid nach dtaitníonn leagan paindéime na Tríonóide le mic léinn, agus go ndéanann sé dochar dá shaol sa Choláiste.

Seo mar gheall go dtéann daoine go dtí an Coláiste. Is áit fisiciúil í a théann daoine. Is áit speisialta í an Tríonóid– tá cuma álainn uirthi cinnte, ach is áit í freisin ina féidir le smaointí bláthú. Tagann an chuid is mó de seo ó dhaoine fiosracha ag suí timpeall agus ag plé a gcuid smaointí go mion. Cuireann foghlaim ar líne deireadh leis an ngné riachtanach seo den choláiste. Níl aon chomparáid ann idir ag casadh le chéile thar físe agus le díospóireacht sa Bhutrach thar iasc agus sceallóga.

Cinnte, tá roinnt athruithe bunaithe ar an gcoróinvíreas a bhféadfaí a úsáid sa todhchaí. Ach i dtosach is gá dúinn díriú ar thiontú ar ais ar an ngnáthrud, agus deireadh a chur leis an ráiméis áiféiseach atá cosúil le rud éigin as Black Mirror.

Beidh a dóthain ama againn teacht ar nuálaíoctaí nuair a nach bhfuilimid ag fulaingt le linn uafáis na bliana seo.