Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 7, 2021

Léiríonn Pleananna Tástála Meara Harris nach n-Imeoidh COVID Uainn go Tapa

An tseachtain seo, dúirt an t-Aire Ardoideachais Simon Harris go bhfuil sé ag súil go gcuirfear mearthástáil antaiginí i bhfeidhm ag instiúdí ardoideachais an bhliain seo chugainn.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo caite, fuair mic léinn comhartha éigin maidir le cad go bhfeicfidh an campus cosúil le an bhliain seo chugainn, tar éis gur d’fhógair an t-Aire Ardoideachais Simon Harris pleananna chun mearthástáil antaiginí a thabhairt isteach i Mí Meán Fómhair.

Tá na pleananna seo mar an gcéad admháil ón rialtas go mbeidh an coróinvíreas mar ghné lárnach den ardoideachas faoi Mhí Mheán Fómhair.

Ag tréimhse atá an tír– agus fórmhór an domhain– ag brath go mór ar vacsaíní ionas go n-athosclófar an tsochaí, tá gealltanas Harris chun mearthástáil a thabhairt isteach ina meabhrú dáiríre go mbeidh an roinn tríú-leibhéal fós ag deileáil leis an gcoróinvíreas an fómhair seo chugainn.

ADVERTISEMENT

Fad agus atá gealltanas de mhearthástáil ina chomhartha maith nach mbeidh an ardoideachas ina athsmaoineamh ag an rialtas, beidh mic léinn agus baill foirne acadúla araon ag lorg níos mó athdhearbhaithe ón rialtas go mbeidh teagasc pearsanta ar bun i Mí Meán Fómhair. Leis an scuaine don vacsaín bunaithe ar aois anois, beidh mic léinn i measc na ndaoine deireanacha a dhéanfar ionaclú orthu.

Níl buntáistí de thástálacha ar champas ina nuacht úrnua ach oiread. Mar shampla, d’iarr an tOllamh Luke O’Neill, go gcuirfear tástálacha i bhfeidhm ar champas chomh fada siar le Mí Meán Fómhair.

Ach má tá mearthástáil le bheith mar chuid de phlean an rialtas don bhliain atá le teacht, tá sé de dhulgas acu roinnt soiléireachta a thabhairt do mhic léinn. Má tá nádúir luaineach na paindéime tar éis aon rud a thaispeáint dúinn, is léir gur féidir le pleananna uaillmhianacha titim as a chéile go tobann.

Thit pleananna d’fhilleadh mór ar theagasc pearsanta i Mí Meán Fómhair agus Eanáir seo caite as a chéile, agus ní mór don Roinn Ardoideachais an méad is mó soiléireachta a thabhairt do mhic léinn maidir le cad go bhfeicfidh an chéad bhliain acadúil eile cosúil le.

Sna toghcháin Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, labhair iarrathóirí ents maidir le hathoscailt clubanna agus dhá Bhál na Tríonóide. Tá muintir na céad bliana ag súil go bhfillfidh siad ar Thríonóid iomlán éagsúil an tearma seo chugainn. Ach má tá sé ar intinn ag an rialtas go leor airgid a chaitheamh ar thástáil, is léir go bhfuilimid i bhfad ó chúrsaí ag filleadh ar an ngnáthrud.

Ní mór do mhic léinn a bheith ar an eolas cad atá i ndán dóibh nuair a thagann siad ar ais ar champas i Mí Meán Fómhair.