Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 31, 2021

Cuireann Amlíne Toghcháin an GSU Bac ar Iomaíocht

D’fhógair an GSU an tseachtain seo go reáchtálfar feachtais toghcháin shabóideacha ón Aoine seo chugainn go dtí dtí 11ú Meitheamh.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Scríobh an Bord Eagarthóireachta seo cheana go bhfuil géargá le toghchán ceart agus cóir ó Aontas na Mac Léinn Iarchéime (GSU).

Ar bhreathnú siar, is dócha gur chóir gur luaigh an Bord go mba chóir go reáchtálfar na toghcháin seo sular chríochnaigh scrúduithe agus gur stop mic léinn ag tabhairt airde ar an gColáiste.

Chomh maith leis sin, b’fhéidir go mba chóir dúinn próiséas ainmniúcháin a mholadh ina mbeadh a dóthain ama d’iarrathóirí smaoineamh ar rith do phost.

ADVERTISEMENT

Ar an gCéadaoin, d’fhógair an GSU go reáchtálfar na feachtais toghcháin shaibóideacha ón Aoine seo chugainn go dtí 11ú Meitheamh, le hainmniúcháin ag dúnadh inniu agus toghchánaíocht amháin ag tús na tréimhse toghcháin.

Seo coicís níos déanaí ná toghcháin na bliana seo caite. Beidh lá an toghcháin dhá mhí tar éis lá an toghcháin in 2019.

Tríd níos lú ná seachtain a thabhairt do mhic léinn iarchéime iad féin a ainmniú do ról agus le fíorbheagán ama feachtas a eagrú, laghdaítear líon na n-iarrathóirí féideartha. Thairis sin, tríd toghcháin a reáchtáil cúpla seachtain tar éis scrúduithe, nuair a nach bhfuil mic léinn ag smaoineamh faoin gcoláiste, gan trácht ar thoghcháin GSU, tá seans mhaith ann go laghdófar rannpháirtíocht na vótálaithe.

I ndiaidh toghcháin ionadaithe ranga, vótáil neamhbhailí ag CGU agus diúltú na torthaí ón CGU a athrú, ní haon ionadh é go raibh na toghcháin shabóideacha eagraithe go dona.

Tá líon mór fadhbanna ag mic léinn iarchéime nach mór dóibh a shocrú. Tá gá le feachtas láidir agus eagraithe chun dul i ngleic leis na constaicí a d’fhág an fhoireann shabóideach ina diaidh.

Níl reáchtáil cheart toghcháin ar son leas na mac léinn iarchéime uilig a ligeann do chomórtas sheachtrach an iomarca míréasúnta. Déanta na fírinne, is é an méid is lú go bhféadfaí a dhéanamh.

Tá imní shuntasach i measc mic léinn iarchéime agus PhD i dtaobh cruth an GSU, le hachainí do tháinseamh an riarachán reatha agus gearáin ag tarraingt airde an Coiste Caipitíochta.

Tá todchaí an GSU i mbaol mór cheana féin. Tá reáchtáil toghcháin chomh déanach seo sa bhliain, le tréimhse ghearr ama chun ullmhú dóibh, mar bhuille marfach dó tar éis bliain fíorachrannach.