Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 5, 2021

Léiríonn Nuacht ó Stephen Donnelly Maidir le Vacsaíní Neamhchúram do Dhaoine Óga

Dúirt an tAire Sláinte ar an raidió an tseachtain seo go mbeidh deis ag daoine idir 18 agus 34 bliana d’aois vacsaín a fháil óna siopa poitigéara áitiúil as an Luain amach.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Is minic agus daoine óga ag mothú – mar is ceart – go bhfuil an rialtas ina n-aghaidh nó á smachtú go míchuí, agus tá an phaindéim tar éis cur leis an mothúchán sin go mór.

I rith na paindéime, chuaigh gearáin in aghaidh na ndaoine óga i míréasúntacht, gan cúram ná baint acu le leas sláinte phoiblí. An ceann is conspóidí acu ná aire rialtais anaithnid ag lochtú mic léinn as bheith “ina luí sa leaba” agus íocaíochtaí dífhostaíochta paindéime á nglacadh acu.

Ba cheart go mbeadh rogha na seachtaine seo maidir le vacsaíní a thabhairt do dhaoine óga níos luaithe ná mar a bhí pleanáilte mar dheis an fhadhb sin a réiteach.

ADVERTISEMENT

Ach anois agus oibrithe fáilteachais óga ag labhairt os ard in aghaidh fimíneachta an rialtais, tá cuma ar an scéal go bhfuil an rialtas i scaoll.

Ar an gcéad dul síos, mhol an rialtas go mbeadh ar oibrithe fáilteachais – líon mór acu óg agus gan vacsaín – freastal ar chustaiméirí vacsaínithe agus spásanna taobh istigh á n-athoscailt.

Ina theannta sin, chur an tAire Sláinte Stephen Donnelly tús le míthuiscint mhór idir an rialtais, Aontas na gCógaiseoirí, agus siopaí poitigéara nuair a d’fhógair sé clár vacsaínithe do dhaoine idir 18 agus 34 bliana d’aois an Aoine seo caite. Ní trí phreasráiteas ná trí phreasócáid ach ar Morning Ireland ar RTÉ a bhí sé fógartha.

D’admhaigh an HSE le déanaí gur seans nach mbeadh go leor vacsaíní Johnson & Johnson ann le héileamh na ndaoine óga a shásamh. Cén fáth a bhí oscailt cláraithe vacsaíní chomh leathan sin, mar sin féin?

Tá ciall mhór ag baint le chur chun cinn an chláir vacsaínithe, go háirithe leis an gcineál Delta dár mbagairt. Ach cén fáth a bhí ar dhaoine óga glaoch a chur ar a siopa poitigéara áitiúil, seachas an suíomh vacsaíní atá ann cheana féin a úsáid?