Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 15, 2015

Is Gá don Choláiste Cluais Éisteachta a Thabhairt do Cháinntí maidir le Raon Tionanta, agus Iad a Thabhairt san Áireamh

Le maoniú de €16 milliún tugtha do phostanna earcaithe faoin gcóras, tá cuma ar an scéal nach bhfuil an Coláiste tar éis dul i ngleic leis na hargóintí sa phróiseas comhairliúcháin.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cuireadh córas raon tionanta chun cinn i bplean straitéiseach na Trionóide 2014-2019. Ó shin ar aghaidh, tá an Coláiste tar éis bogadh ar aghaidh leis an togra, sa chaoi is go mbeidh an 40 Ollamh Usher a bhfógraíodh i mí Mhárta á earcú faoin gcóras seo, agus é maoinithe ag €16 milliún d’fhoinsí neamh-Státchisteach.

Cé go bhfuil Coláiste na Trionóide go hiomlán tugtha don chomhairliúchán, tá The University Times tar éis a nochtú go bhfuil baoil ann maidir leis an gcóras nach bhfuil an Coláiste tar éis dul i ngleic leo. Dúirt an t-Ollamh Pat O’Connor, saineolaí maidir le cothromaíocht inscne ag Ollscoil Luimní agus baill de phainéal cothromaíocht inscne an HEA, leis an nuachtán seo i mí Mheán Fómhair, go bhfuil an baol ann go gcuirfidh an córas raon tionanata le cultúr firinscneach na Trionóide, cultúr atá léirithe sa chaoi nach bhfuil ach 14 faoin gcéad de acadóirí sinsearacha na Trionóide ina mhná.

Cé go ndúirt an Leas-Provost, bean atá ag treorú an chórais nua, leis an nuachtán seo nach n-aontaíonn sí leis an argóint seo, agus dúirt nach bhfuil fianaise ar bith ann go mbeidh tionchar diúltach aige ar shaol oibre na mban sa choláiste, ní haon ghuth aonar é O’Connor: cháin an Leas-Seansailéir nuathofa Oxford, Louise Richardson, an córas raon tionanta i bhfreagra ar cheist ó The University Times. Dúirt sí go raibh sí buartha go mbeadh droch-thionchar ag an gcóras ar acadóirí baininscneacha, agus go gcuirfeadh sé “brú ollmhór” ar acadóirí baininscneacha ag aois ag a mbíonn cinntí á ndéanamh acu maidir le páistí a iompair.

ADVERTISEMENT

Is droch-léargas amach is amach é seo, nuair a thógann tú faoi ndeara gurb é ceann de na príomh-aidhmeanna atá ag an gcóras ná le tuilleadh seasamhachta a thabhairt do acadóirí sinsearacha baininscneacha, mar shampla clúdach do shaoire mháthrachais. Ní haontaíonn gach éinne gur droch rud é raon tionanta do mhná, áfach. I dtuairisc ó 2014 a rinne an Léig d’Ollscoileanna Taighde na hEorpa, dúradh go bhfuil córais cosúil le raon tiomanta tairbheach do mhná, agus tugann sé seasamhacht dá dtaighde dóibh.

Ach ní hé sin an pointe: b’fhéidir go bhfuil córais raon tionanta tairbheach do acadóirí sinsearacha. B’fhéidir nach bhfuil. B’fhéidir go bhfuil athrú sa chultúr ag teastáil – toisc nach bhfuil athrú sa struchtúr mar an t-aon fhreagra riamh. Ach is gá don Choláiste dul i ngleic leis na hargóintí seo. Faoi láthair, tá an cuma ar an scéal nach bhfuil an focal “comhairliúchán” ach á chaitheamh timpeall, agus le €16 milliún i maoiniú tugtha do phostanna earcaithe faoin gcóras cheana féin, tá an Coláiste ag bogadh ar aghaidh go gasta, gan na hargóintí ar an dá thaobh a thógáil faoi ndeara. Rachaidh sé chun aimhleasa dá bharr.

Aimhleasdetriment
Earcúemploy
Raon Tionantatenure track
Maoiniúfunding
Comhairliúchánconsultation
Cothromaíocht Inscnegender equality