Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 10, 2016

Caitheann síneadh Ionaid Mac Léinn €15 milliún Solas ar Easpa Spásanna Mac Léinn Choláiste na Tríonóide

Agus gearáin mac léinn neartaithe ag forbartha in ollscoileanna eile, is gá do Choláiste na Tríonóide a chur chuige i dtreo spásanna mac léinn a thógadh le sainchuspóir a athmheasúnú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le linn na seachtaine seo, thosaigh obair tógála ar shíneadh €15 milliún an ionaid mac léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC). Cuireann an fhorbairt seo solas ar ghanntanas na spásanna sin i gColáiste na Tríonóide agus ar neamhláithreacht plean ar bith chun rud ar bith a chruthú ar an scala sin.

Is mór an fhadhb a bhí i spás do mhic léinn Choláiste na Tríonóide i mbliana, le fógra go mbeidh banc á chur in ionad na bialainne Hamilton agus cáineadh gan fasach ar ghanntanas spásanna mac léinn a tháinig ó chumainn ar champas.

Cé go bhfuil spás Choláiste na Tríonóide teoranta go mór de bharr a shuímh i lár na cathrach agus a ailtireachta cosanta, tá sé soiléir n-úsáidtear an spas atá acu go holc, rud a cháin tuairisc a choimisiúnaigh an Coláiste go mór i mbliana.

ADVERTISEMENT

Is le fada a rinne gluaiseacht na mac léinn obair chun ionad mac léinn a tógadh le sainchuspóir a thógáil. Sa bhliain 2011, bhí reifreann ag Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide chun toilteanas íocadh an an ionad seo a thomhas i measc na mac léinn. Níor ritheadh é.

Cúig bhliana tar éis é sin, bhí an fhadhb seo go mór i mbéal phobail an Choláiste le linn toghcháin Aontais na Mac Léinn, agus gheall Kieran McNulty, a thoghadh mar Uachtarán reifreann a chur ar siúl faoi, dá mbeadh sé rite ag an gcomhairle roimh ré.

Má cuirtear reifreann ar siúl agus má ritear é, níl sé soiléir go mbeidh freagra ón gColáiste ar an mbrústocaireacht sin. Rinne UCC agus Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, dá cheann de na hollacoileanna is fearr in Éirinn tosaíocht de na tionscadail sin agus d’aithin siad tábhacht spásanna mac léinn a thógadh le sainchuspóir – ach an ndéanfaidh Coláiste na Tríonóide an rud céánna?

Ionchorpraíodh pleananna le haghaidh spásanna mac léinn i bhforbartha nua cosúil le Scoil an Ghnó agus Teach Oisín, ach tá cuma athsmaoinimh orthu agus ní leor iad chun riachtanais mac léinn a shásamh, go háirithe nuair a smaoinítear ar phleananna chun an uimhir mac léinn a mhéadú.

In ainneoin ár suímh lárnaigh agus ár ngaireacht do chaiféanna, tithe tabhairne agus bialanna a bhíonn lán go doras le mic léinn, is gnáth-ghearán é a bhaineann le heapsa spáis, ach níl réiteach atá le tarlú in achomaireacht leis.

Cé go bhfuil an chuid is mó d’aird an Phropaist dírithe ar an tráchtálaíocht agus ar an domhandú mar mheán níos mó airgid a thuilleadh ar son an Choláiste, caitheann mic léinn a sosanna lóin teannaithe in aice leis an balla ar úrlar fuar Foirgnimh na nEalaíona.

Agus ollscoileanna eile na hÉireann ag déanamh níos mó ná Coláiste na Tríonóide sa chomhthéacs sin, is léir go bhfuil spásanna mac léinn den scoth ag teastáil ó ollscoil den scoth.