Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 7, 2016

Nochtann Fáthanna le Diúltú Iarratais Tí Oisín Gannmheas Trom na Géarchéime Iostais

Do thodhchaí Choláiste na Tríonóide, tá spás le haghaidh áiseanna agus iostas i bhfad níos tábhachtaí ná aestéitidil.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is mór an dochar atá i ndiúltú An Bhoird Pleanála cead pleanála a bhronnadh chun an t-ionad iostais mac léinn a thógáil. Bhí a lán daoine ag súil go bhfusclóidh an fhorbairt de 280 leapacha gnéithe den ghéarchéim iostais atá ag crá is ag creimeadh Baile Átha Cliath le déanaí. Sa tír ina hiomlán, tá thart ar 25,000 leaba ag teastáil, dar leis an Údarás um Ardoideachas.

Tar éis bronnta ceada pleanála ag Comhairle Cathrach Átha Cliath i mí Feabhra, d’achomharc An Taisce roimh an mBord Pleanála. Dúirt siad “go mbeidh droch-thionchar ar champas stairiúil an Choláiste” ag an bhforbairt a bheartaíodh, áiteamh lag nuair a thugtar faoi deara nach mbeidh an fhorbairt infheicthe mórán ón gCearnóg Thosaigh, croílár an champais stairiúil sin. Áfach, i gcomhthéacs níos bunúsaí, nochtann an t-áiteamh sin gannmheas trom ar thromchúise na géarchéime iostais i mBaile Átha Cliath agus a tionchar ar Choláiste na Trionóide.

Ní bheidh an t-éifeacht ar áilleacht fhísiúil an Choláiste mar thionchar na hathfhorbartha Tí Oisín i ndáiríre. In áit é sin, bacann an easpa iostais do mhic léinn iarrachtái Choláiste na Tríonóide leathnú agus é féin a chur in iúl mar shár-ollscoil fhorchéimní. Mura bhfuilimid in ann mic léinn a chur faoi dhíon, is beag seans ratha atá i pleananna an Phropaist aithint idirnáisiúnta a mhéadú agus níos mó mic léinn iasachta a mhealladh.

ADVERTISEMENT

Do dhuine a roghnaíonn Baile Átha Cliath mar áit staidéir, ní bheidh suaitheadh “scála agus coimheasa” Sráide an Phiarsaigh mar phríomhbhuairt aige. In áit é sin, cuirfidh an deacracht a bhaineann le hiostas sladmhargaidh a haimsiú duine daingean dionbháilte ó theacht chun satidéar a dhéanamh anseo. Tá míthuiscint mhór ag an mBord Pleanála ar thromchúise na géarchéime iostais, a tionchar ar mhic léinn agus an droch-thionchar a bhaineann le heaspa iostais do Choláiste na Tríonóide agus Baile Átha Cliath sa chomhthéacs níos ginearalta.

Ní hamháin ní is díol spéise do thurasóirí atá i gColaiste na Tríonóide, agus is mor an botúin a bhaineann leis an ollscoil a chothú mar sin nuair atá a príomh-ról ag fulaingt mar sin. Cé gur fiú é a áilleacht a chaomhnú, tá costas mór do Bhaile Átha Cliath intuigthe le nemahaird a dhéanamh ar an ngéarchéim iostais agus ar a tionchar ar mhic léinn agus ar ollscoileanna freisin.